21 Agus a nuáir do ċonnairc Iosua agus Israel uile gur ġaḃ an luiḋeaċán an ċaṫair, agus gur éiriġ deataċ na caiṫreaċ súas, annsin do ḟilleadar a rís, agus do ṁarḃadar muintir Ai.
A núair do ċonnairc Ióab go raiḃ aġaiḋ an ċaṫa air roiṁe agus na ḋiáiġ, do ṫoġ sé amaċ roġa ḟear Israel, agus do ċuir a naġaiḋ na Sírianaċ iad a nórduġaḋ:
Anois táinic a ccríċ, a núair do ċúaluiḋ Adonísedec riġ Ierusalem mar re ġaḃ Iosua Ai, agus gur ḋíoṫlaiṫriġ sé ṫríd amaċ í; mar do rinne re Ieriċo agus re na ríġ, marsin do rinne re Hái agus re na riġ; agus mar do rinneadar muintir Ġibeon síṫ ré Israel, agus mar do ḃádár na measg;
Agus a núair do ḟéaċadar muintir Ai na ndíaiġ, do ċonncadar, agus, féaċ, do ċuáiḋ deataċ na caiṫreaċ súas go neaṁ, agus ní raiḃ neart aca teiṫeaṁ don táoiḃsi ná don táoiḃ oile: agus na dáoine do ṫeiṫ fan ḃfásaċ do ḟilleadar ar a nais ar an ttóir.
Agus tangadar cáċ eile amaċ as an gcaṫruiġ ua naġaiḋ; ionnus go raḃadar a lár Israel, cuid don taóíḃsi, is cuid don taóiḃ úd: agus do ḃuáileadar íad, ionnus nar léigeadar neaċ ar biṫ as, nó imṫeaċd díoḃ.