18 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosuá, Sín amaċ an gaṫ atá ad láiṁ a naġaiḋ Ai; óir do ḃéara misi ad láiṁ í. Agus do ṡín Iosua an gaṫ do ḃí iona laíṁ deaṫ ris an ccaṫruiġ.
Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, Eiriġ a ccionn Ṗárao, agus abair ris, Mar so a deir an TIĠEARNA, Léig dom ṗobal imṫeaċd, ionnus go ndéanuid serḃís daṁ.
Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóisi, Abair ré Háaron, Sín amaċ do láṁ lé do ṡlait ós cionn na sroṫann, ós cionn na naḃann, agus ós cionn na loċán, agus taḃair fa deara Luisgionn do ṫeaċd súas ar ṫalaṁ na Hégipte.
Aċt neirteoċa mé ruiġṫeaċ ríġ na Babilóine, agus tuitfid láṁa Ṗárao síos; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA; an tan ċuirfios mé mo ċloiḋeaṁ a láiṁ ríġ na Babilóine, agus sinfiḋ sé amaċ é ar ċríċ na Hégipte.
Agus do éiriġ an luiġeaċán go mear asa náitiḃ, agus do riṫeadar ar ball ar ṡín seision a láṁ: agus do ċúadar a steaċ don ċaṫruiġ, agus do ġaḃadar í, agus do ḋeifriġeadar agus do ċuireadar an ċaṫair tre ṫeiniḋ.
Ann sin a duḃairt Dáiḃi ris an Ḃṗilistineaċ, Ṫig tusa ċugamsa le cloiḋeaṁ, agus le gaṫ, agus lé sgéiṫ: aċd tigimsi ċagadsa a namm ṪIĠEARNA na slóġ, Dia ṡluaiġ na Nisraeliteaċ, noċ do ġreannuiġ tusa.