Agus do aṫruiġ sé as sin go slíaḃ táoḃ ṡoir do Ḃétel, agus do ṡuiḋiġ a ṗailliún, ar mḃeiṫ do Ḃetel don táoḃ ṡíar ḋe, agus Hái don táoiḃ ṡoir: agus do rinne altóir annsin don TIĠEARNA; agus do ġoir ar ainm an TIĠEARNA.
Agus do ċúadar na dáoine uile, eaḋon a raiḃ do luċd coguíḋ na ḟocair súas, agus do ṫairngeadair a ccoṁḟogus, agus tangadar as coinne na caiṫreaċ, agus do ċampuiġeadar ar an ttáoiḃ ṫúaiġ do Ai: a nois do ḃí gleánn eatorra agus Ai.
Agus a núair do ṡuiġeadar na dáoine, eaḋon an slúaġ do ḃí don táoiḃ ṫúaiġ don ċaṫruiġ, agus a luiġeaċan don táoḃ ṡíar, do ċúaiḋ Iosua a noiḋċesin go lár an ġleanna.