9 Oír cluinfid na Cánanítiġ agus dúṫċusuiġ na tíre é, agus tiocfuid ar tímċioll fa gcuairt, agus gearrfuid ar nainm amaċ don talaṁ: agus cred ḋéanas tusa red ainm mór?
Créad as a laiḃéoradís na Hégiptiġ, agus a naibeoradís, Mar olc rug sé leis amaċ íad, dá marḃaḋ ann sna sléiḃtiḃ, agus dá scrios dáġuiḋ na talṁan? Iompóiġ ód ḟeirg ḃuirb, agus claoċló don ulcso a náġaiḋ do ṗobail.
Aċt doibriġ misi ar son manma féin, iondus naċ ttruailleoċṫaoi a laṫair na ngeinteaḋ é, a measc a raḃadar, a raḋarc a ndéarnas mé féin aiṫeanta ḋóiḃ, ġá ttaḃairt amaċ as críċ na Hégipte.
Guiledís na sagairt, seirḃisiġ an TIĠEARNA, eidir an bpóirse agus a naltoir, agus abraidís, Coigil do ṗobal, a ṪIĠEARNA, agus ná taḃair hoiġreaċt ċum masla, iondus go riaġloċaidís na geinte ós a ccionn: cred as a naibeoraidís a measc an ṗobail, Cait a ḃfuil a Ndia?
Annsin do ċífiḋ an ḃean is náṁa ḋaṁ é, agus foileoċuiḋ náire ise, noċ a duḃairt riom, Cáit a ḃfuil an TIĠEARNA do Ḋía? do ċífid mo ṡúile í: anois sailteorṫar síos í mar laiṫiġ na sráideann.
Ar eagla go naibéoraḋ an dúiṫċe as a ttug tú amaċ sinn, Do ḃríġ nar ḟéud an TIĠEARNA a mbreiṫ don tír do ġeall sé ḋóiḃ, agus do ḃríġ gur ḟúaṫuiġ sé íad, ṫug sé amaċ íad da marḃaḋ fan ḃfásaċ.