Agus a duḃairt Iosua, Uċ, a ṪIĠEARNA Día, cred fá ttug tú an pobalsa ar éanċor a nall tar Iordan, dár seaċadaḋ a láiṁ na Namoríteaċ, dar scrios? do bfearr linn go mbeimis deóntaċ, fuireaċ ar an ttáoḃ ṫall do Iordan!
Oír cluinfid na Cánanítiġ agus dúṫċusuiġ na tíre é, agus tiocfuid ar tímċioll fa gcuairt, agus gearrfuid ar nainm amaċ don talaṁ: agus cred ḋéanas tusa red ainm mór?
¶ Agus a núair ṫangadar na dáoine don ċampa, a duḃradar sinnsir Israel, Cred far ċláoiḋ an TIĠEARNA sinn a niuġ roiṁe na Ṗilistiniġ? Tugam ċugainn airc ċunnarṫa an TIĠEARNA as Síloh, ionnus a núair ṫiocfas ar measc, go ttárrṫoċuiḋ sinn ó láṁuiḃ ar náṁad.