Agus cuirfe misi maġuiḋ ḃur naġuiḋ, agus muirfiġear roiṁe ḃur náṁaid siḃ: an drong air ar beag síḃ í íad ríġfios os ḃur gcionn; agus teiṫfiḋe a nuáir naċ mbeíḋ éanduine dá ḃur ttóruiġeaċd.
Do ḃéara an TIĠEARNA fa deara do ḃualaḋ a laṫair do náṁad: raċaiḋ tú amaċ a néintsliġe aṁáin na naġuiḋ, agus teiṫfe tú a seaċd sliġṫiḃ rompa: agus áṫroċṫar ṫú da gaċ éainrioġaċd ar an ndoṁan.
Agus do ḟilleadar go Iosua, agus a duḃradar ris, Ná héirgidís na daóine uile súas; aċ léig a ttimċioll ḋá ṁíle nó trí míle fear dul súas agus buáiledís Ai; agus ná cuir sáoṫar ar na daoiniḃ uile dul ann, óir ní ḃfuilid aċd beagán.