26 Agus do ṫogḃadar leaċda mór cloċ ós a ċionn gus a niuġ. Mar sin do ḟill an TIĠEARNA ó ḟíoċ a ḟeirge. Uime sin, do goireaḋ, Gleann Aċor dainm don náitsin gus a niuġ.
Agus do ṫógḃadar Absolon, agus do ṫeilgeadar a bpoll ṁór ar an ccoill é, agus do leagadar cárn ro ṁór cloċ áir: agus do ṫeiṫ Israel uile gaċ áon dá ṗáillíun féin.
Agus do aḋlaiceadar cnáṁa Ṡauil agus Ionatain a ṁic a ttír Ḃeniamin ann Selah, a ttuáma a aṫar Cis: agus do coiṁlíonadar gaċ ar aiṫin an ríġ. Agus na ḋiáiġ sin do fríṫ Día ré a ġuiḋe ar son na tíre.
Seasaidis anois ar núaċdaráin an ċoṁċruinniġ uile, agus tigeaḋ gaċa a ttug mná coiṁiġṫeaċa dar ccaṫruiġ a naimsir ċinte, agus sinnsir gaċ aon ċaiṫreaċ maille ríu, agus a mbreiṫeaṁuin, nó go ḃfilltear diḃfeirg Dé fán ccás so uáinn.
Créad as a laiḃéoradís na Hégiptiġ, agus a naibeoradís, Mar olc rug sé leis amaċ íad, dá marḃaḋ ann sna sléiḃtiḃ, agus dá scrios dáġuiḋ na talṁan? Iompóiġ ód ḟeirg ḃuirb, agus claoċló don ulcso a náġaiḋ do ṗobail.
Laḃruiḋ go meisneaṁuil ré Hierusalem, agus fúagruiḋ ḋi, gur críoċnuiġeaḋ a cogaḋ, gur maiṫeaḋ a héigceart: óir do ġlac sí as láiṁ an TIĠEARNA díol dúbalta ar son a huile peacaiḋ.
Agus do ḃéara mé gárraḋa a fíneaṁna ḋí as sin, agus gleann Aċor mar ḋorus dóṫċuis: agus do ḋéana sí céol annsin, mar a láeṫiḃ a hóige, agus aṁuil an lá ṫánic sí súas amaċ as criċ na Hégipte.
Agus réabuiḋ ḃur ccroiḋṫe, agus narab íad ḃur néuduiġe, agus filliḋ ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía: óir atá sé grásaṁuil agus trócaireaċ, mall ċum feirge, agus lán do ċíneul, agus atá aiṫreaċus air um a nolc.
Agus do ċuáiḋ a ndíaiġ a nḟir do Israel don lóistín, agus do ṡaiṫ ṫríoṫa aráon, an fear do Israel, agus an ḃeann tré na bolg. Mar sin do coisgeaḋ an ṗláiġ ó ċloinn Israel.
Agus ní ḃeanfa éainní don ní ṁalluiġ dot láiṁ: ċor go ḃfilliḋ an TIĠEARNA ona ḋásaċd feirge, agus go ttaisbeanuiḋ grasa ḋuitsi, agus go raiḃ truáiġe aige ḋuit, agus go méideoċuiḋ sé ṫú, mar do ṁionnuiġ sé dot aiṫriḃ;
¶ A núair ḃéuras tú aire ré guṫ an TIĠEARNA do Ḋía, do ċoiṁéud a aiṫneaḋ uile noċ aiṫniġimsi ḋíot a niuġ, do ḋéanaṁ an neiṫe is ceart a raḋarc an TIĠEARNA do Ḋía.
Agus tárla a nam dul faói na gréine, gur ḟúagair Iosua, agus tugadar a núas as na crannuiḃ íad, agus do ṫeilgeadar an sa núaṁuiġ íad mar a raḃadar a ḃfolaċ, agus do ċuireadar cloċa móra a mbéul na húaṁa, noċ ṁairios gus a niuġ.
¶ Agus dó ġlac Iosua, agus Israel uile maille ris, Aċan ṁac Sérah, agus an tairgiod, agus an téadaċ, agus an barra óir, agus a ṁic, agus a inġiona, agus a ḋaiṁ, agus a assail, agus a ċáoiriġ, agus a lóistín, agus a raiḃ aige uile: agus tugadar go gleann Aċor iad.
Agus do ċroċ sé riġ Aí ré crann go tráṫnóna: agus ar ball a ndeaċuiḋ an ġrían faói, do ḟúagair Iosua a ċorp do leagaḋ a nuas don ċrann, agus a ṫeilgion a ndul a steaċ ġeata na caiṫreaċ, agus da ṫógḃadár cárn mór ós a ċionn, noċ ṁairios gus a niuġ.