Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 7:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 A nuáir do ċonnairc mé a measc na néadálaċ culaiḋ ḃréaġḋa Ḃabilónta, agus da ċéad secel airgid, agus barra óir, do ċoṁṫrom ċáogad secel, ann sin do ṡantuiġ mé íad, agus rug mé liom íad; agus, féaċ, atáid a ḃfolaċ ansa taluṁ a lár mo loistín, agus an tairgiod faoi.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 7:21
35 Iomraidhean Croise  

Agus bá hé tosaċ a rioġaċda Bábel, agus Ereċ, agus Accad, agus Calneh, a gcríċ Ṡínair.


Agus a nuáir do ċonnairc an ḃean go raiḃ an ċroinn maiṫ ċum bíḋ, agus go raiḃ taitneaṁaċ leis na súiliḃ, agus na ċrann iondúileaṁla ċum áoin do ḋéunaṁ eagnuiḋe, do ġlac sí ḋá ṫoraḋ, agus do iṫ sí, agus tug mar an ccéudna dá fear maille ría; agus do iṫ sé.


Tangadur clann Jácob ar a nár, agus do ċreaċadar an ċaṫair, do ċionn gur ṫruáilliġeadur a ndeirḃṡíur.


Go ḃfacadar mic Dé inġeana na ndáoine go raḃadar sgíaṁaċ; agus tugadar mná ċuca do nuile ḋroing do ṫógradar.


¶ Agus tárla a naimsir an traṫnoná, gur éiriġ Dáiḃi as a leabuiḋ, agus go raiḃ ag spaisdeóraċd an úaċdar ṫiġe an ríġ: agus ó ṁullaċ an tiġe do ċonairc sé bean ḋá niġe féin; agus do ḃí an ḃean roscíaṁaċ re féaċuinn uirre.


Agus á núair ṫangadar na loḃairsi don ċuid amuiġ don ċampa, do ċúadar go héanṗáillíun, agus a dúadar agus do iḃeadar ní ann, agus rugadar as sin ór, agus airgiod, agus eaduiġ, agus do imṫiġeadar agus do ḟolċadar sin; agus ṫangadar a rís, agus do ċúadar a steaċ a bpáilliún oile, agus rugadar leó as sin mar an gcéadna, agus dimṫiġedar agus dfolċadar é.


Do rinne mé eaċd rem ṡúiliḃ; uimesin cred fá smuáinteoċuinn ar ṁaiġdin?


Taḃair air mo ṡúiliḃ gaḃáil seaċa ó ḋíoṁaoineas dfaicsin; béoġuiḋ mé ann do ṡliġe.


Ní ṡainteoċa tú tiġ do ċoṁarsan, ní ṡainteoċa tú bean do ċoṁarsan, nó óglaċ do ċoṁarsan, nó a ḃanóglaċ, nó a ḋaṁ, nó a assal, no énni is lé do ċoṁarsaín.


Mairsin atáid sliġṫe gaċ uile ḋuine dá mbí sanntaċ ċum éadála; noċ ḃeánas a nanam as a ndruing ler leis í.


Ná féuċsa air an ḃfíon a nuáir ḃíos sé dearg, a nuáir ṫaisbeanas sé a ḋaṫ annsa ċupán, a nuáir ċorruiġios sé é féin go díreaċ.


Bí droċṡúil ag an té ḋeiṫḃriġios ċum ḃeiṫ saiḋḃir ní ṫuigionn sé go ttiucfa boċtaine air.


Coiṁéad do ċroiḋe re úile ċiollaċd; óir is as sin ṫigid toibreaċa na beaṫa.


Do ḃríġ go ndúḃraḃair, Do rinneamar cconraḋ ris an mbás, agus atámaóid a réiġteaċ ré hifrionn; a nuáir raċus an scíursa díḃṫeirgeaċ ṫort, ní ṫiucfa sé orruine: óir do rinneamar ar ndídean don ḃréig, agus faói an mbréig dfolċamar sinn féin:


A ṁairg don droing ṫéid a ndoiṁne do ċeilt a ccoṁairle ón TTIĠEARNA, agus atáid a noibreaċa a ndorċadas, agus a deirid, Cía ċí sinn? agus cía agá ḃfuil éolus oruinn?


¶ A ṁairg don té ṡantuiġios droċṡaint da ṫiġ, iondus go suiġeoċa sé a nead go hárd, ċor go sáorfuiḋe é ó ċuṁaċt a nuilc!


Agus a duḃairt sé riú, Feaċaiḋ, agus seaċnuiḋ siḃ ar a tsaint: oír ní a níomarcuiġ an tsaíḋḃris atá ag duine air biṫ atá a ḃeaṫa.


Oír ní ḃfuil einní foluiġṫeaċ, naċ dtiocfuiḋ ċum sóillsi; ná seicreideaċ, naċ ḃfuiġṫear a ḟios.


Giḋeaḋ sdrióbaċas, nó neaṁġloine ar biṫ, nó saint, ná hainmniġṫear aṁáin ḃar measg íad, mar as iomċuḃaiḋ do náoṁuinḃ;


Oír atá a ḟios so aguiḃ, naċ ḃfuil oiġreaċd a ríoġaċd Ċriosd agus Dé, ag sdríopuiḋ ar biṫ, aig neaċ neaṁġlan, ná ag duine sanntaċ, noċ as íoḋalaḋruiġ,


¶ Ióṁáiġe gráḃalta a ndée loiscfiḋ tú lé teniḋ: ní ṡainteoċuiḋ tú an tairgiod ná án tór atá orra, agus ní ġlacfa tú ċugad é, deagla go ngéaḃṫaoi a ngaiste leis ṫú: oír is aḋḟúaṫṁaireaċd don TIĠEARNA do Ḋía é.


Uime sin claóiḋiġ ḃur mbuill ṫalṁuiḋe, sdríopaċas, neaṁġloine, fonn colluiḋe, ainṁían, agus saint, noċ as ioḋaláḋraḋ:


Seaċnuiḋ siḃ féin ar ṡaint; go maḋ lór liḃ na neiṫe atá a laṫair aguiḃ: oír a duḃáirt sé, Ní ḋealoċa mé riot, agus ní ṫréigfead ṫú.


Na ḋiáiġ sin ar ngaḃáíl toirrċeasa ċuige don nainṁían, beiriḋ sé peacaḋ: agus an tan, críoċnuiġṫear an peacaḋ, beiriḋ sé bás.


Agus do ḟreagair Aċan Iosua, agus a duḃairt, Go deiṁin do ṗeacaiḋ mé a naġuiḋ an TIĠEARNA Día Israel, agus marso agus marso do rinne mé:


Ann sin do ċuir Iosua teaċda úaḋ, agus do riṫeadar gus an lóistín; agus, féaċ, do ḃí sin a ḃfolaċ iona lóistín, agus an tairgiod faoi.


Noċ do ṡeaċuin an tsliġe ḋíreaċ, agus do ċuáiḋ ar seaċrán, ag leanṁuin luirg Ḃálaaim ṁic Bósoir, noċ tug gráḋ do ṫúarusdal na héugcóra;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan