Agus a duḃradur eatorra féin, Atámaoid go deiṁin ciontaċ a ttaoḃ ar ndearḃraṫar, do ḃriġ go ḃfacamar doilġios a anma a nuáir do ġuiḋ sé sinn, agus nar éisdeamar ris; is uime sin ṫáinig an ṁairgse oruinn.
Agus do ċuir Ṗárao, fios ar Ṁaóisi agus air Aáron, agus do ráiḋ riú, Do ṗeacuiḋ mé a nuairsi: atá an TIĠEARNA firéunta, agus átaimsi agus mo ṁuinntir go holc.
Agus a duḃairt Bálaam re haingeal an TIĠEARNA, Do ṗeacaiḋ mé; óir ní raiḃ a ḟios agam gur ṡeas tusa annsa tsliġe am aġuiḋ: nime sin annois, muna buḋ toil leaċd é, fillfe misi ar mais a rís.
¶ Agus a duḃairt Iosua re Aċan, Guiḋim ṫú a ṁic, taḃair glóir don TIĠEARNA Día Israel, agus déana adṁáil ris; agus innis dambsa a nois cred do rinne tú; ná ceil orum é.
A nuáir do ċonnairc mé a measc na néadálaċ culaiḋ ḃréaġḋa Ḃabilónta, agus da ċéad secel airgid, agus barra óir, do ċoṁṫrom ċáogad secel, ann sin do ṡantuiġ mé íad, agus rug mé liom íad; agus, féaċ, atáid a ḃfolaċ ansa taluṁ a lár mo loistín, agus an tairgiod faoi.
¶ Agus a duḃairt Saul re Samuel, Do ṗeacaiḋ mé: óir do ṡáruiġ mé aiṫne an TIĠEARNA, agus do ḃriaṫrasa: do ċionn gur raiḃ eagla an ṗóbail orm, agus gur áontoiġ mé ḋá nglor.
Ann sin a duḃairt sé, Do ṗeacaiḋ mé: giḋeaḋ guiḋim ṫú, onóruiġ mé anois, roiṁe ṡeanuiḃ mo ṗobail, agus roiṁe Israel, agus iompoiġ liom a rís, go naḋraiḋ mé do ṪIĠEARNA Día.