19 ¶ Agus a duḃairt Iosua re Aċan, Guiḋim ṫú a ṁic, taḃair glóir don TIĠEARNA Día Israel, agus déana adṁáil ris; agus innis dambsa a nois cred do rinne tú; ná ceil orum é.
Agus a duḃairt seision, Cred do ċonncadar ann do ṫiġ? Agus a duḃairt Heseciah, A ḃfuil do neiṫiḃ ann mo ṫiġse do ċonncadar iad: ní ḃfuil éinní a measc mionnṁuis naċ ar ṫaisbeín mé ḋóiḃ.
Agus do laḃair Heseciah go coḃarṫaċ ris na Leḃítiḃ uile noċ do ṫeagaisc eólus maiṫ an TIĠEARNA: agus a dúadar ar feaḋ a nféusta seaċt lá, ag ofráil ofrála síoṫċána, agus ag déanaṁ adṁála don TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ.
Tugaiḋ glóir dá ḃur TTIĠEARNA Día, suil dó ḃéara sé dorċadus, agus suil ṫuisleoċuid ḃur ccosa ar na sléiḃtiḃ dorċa, agus, an feaḋ ḃeiṫí ag feiṫioṁ re solus, go ḃfillfiḋ séision é a sgáile an ḃáis, agus go ndéana sé dorċaċt ṫiuġ ḋe.
Agus do ġúiḋ mé ċum an TIĠEARNA mo Ḋía, agus do rinne mé mo ḟaóisidin, agus a duḃras, A Ṫiġearna an Día mór báoġlaċ, ag coṁall an ċunnarṫa agus trócaire don druing ġráḋuiġios é, agus don drong ċoiṁéadas a aiṫeanta;
Agus do ḃádar daóine ar fiuċaḋ ré hainteas mór, agus do ṁasluiġeadar ainm Dé, agá ḃfuil cúṁaċda ós na pláġuiḃsi: agus ni ḋearnadar aiṫriġe ċum glóire do ṫaḃairt dósan.
Ann sin a duḃairt Saul ré Ionatan, Innis daṁ cred do rinne tú. Agus do innis Ionatan dó, agus a duḃairt, Ní ḋéarna mé aċd beagán meala do ḃlas lé bárr slaite do ḃí am láiṁ, agus, féuċ, caiṫfiḋ mé bás dfaġáil.
Oir a núair do ḋéantáoi íoṁáiġe ḃur nemeróideaḋ, agus íoṁáiġe ḃur luċa noċ ṁilleas an taluṁ; agus ḃéarṫaói glóir do Ḋía Israel: dob éidir go néattroimeoċaḋ sé a láṁ ḋaóiḃ, agus dá ḃur ndeeiḃ, agus dá ḃur ndúiṫċe.