Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 7:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Aċ do rinneadar clann Israel sáruġaḋ ansa ní móidiġṫe: óir do ġlae Aċan, ṁac Carmi, ṁic Sabdi, ṁic Serah, do ṫreiḃ Iúdah, don ní ṁóidiġṫe: agus do háḋnah fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ cloinne Israel.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 7:1
19 Iomraidhean Croise  

Tangadur clann Jácob ar a nár, agus do ċreaċadar an ċaṫair, do ċionn gur ṫruáilliġeadur a ndeirḃṡíur.


Agus a rís do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel, agus do ċorruiḋ sé Dáiḃi na naġaiḋ, ḋa ráḋ, Imṫiġ, agus coṁáir Israel agus Iúdah.


Agus a nuáir ṫáinic sé ċum an tuir, do ġlac sé as a láṁuiḃ íad, agus do ṫaísgiḋ a ttiġ áiriġ íad: agus do léig do na daóiniḃ imṫeaċd, agus do imṫiġeadar.


¶ Agus do ṁioṫaitin an níse re Día; uime sin do ḃúail sé Israel.


Agus dfagḃadar tiġ an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ, agus do ḟrioṫaileadar garráin agus ioḋuil: agus ṫáinic dioġaltus air Iúdah agus air Ierusalem ar son an ṗeacaiḋsi aca.


Agus a duḃairt mé, O mo Ḋía, atá náire orum agus do ḋearg mé tré maġuiḋ do ṫógḃáil súas ċugadsa, mo Ḋía: óir dfásadar ar bpeacuiḋ ós ar cceann, agus dfásadar ar ccionta súas go neaṁ.


Féuduiḋ hurċoid duine mar ṫú féin do ġortuġaḋ; agus féuduiḋ hiónnracus soċur do ḋéanaṁ do ṁac an duine.


Is féarr críonnaċd ná airm cogaiḋ: aċt milliḋ aóinṗeacaċ aṁáin mórán maiṫeasa.


O a Ṫiġearna, fíreuntaċd ḋliġios tusa, aċt sinne náire aiġṫeaċ, aṁuil atá a níuġ; do ṁuinntir Iúdah, agus do áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, agus do Israel uile, atá a ḃfogus, agus a nimċéin, air feaḋ na nuile ṫíorṫann ionar ḋíoṫċuir tusa íad, do ḃríġ a bpeacuiḋ noċ do ṗeacuiġeadar ad aġaiḋsi.


¶ Agus a duḃairt Maóise re Aáron, agus re Heleásar agus re Hitamar, a ṁaca, Ná noċtuiġ ḃur gcinn, narab mó ḃrisfiḋe ḃur néádaċ; deagla go murfiḋe siḃ, agus deagla feirge do ṫeaċd ar an pobal uile: aċd caoindís ḃur ndearḃraiṫre, tiġ Israel uile, an loscaḋ noċ do las an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt gaċ áon aca re na ċompánaċ, Déanam, agus teilgiom crainn, ċor go naiṫeonam cia ar son a ttig an tolcso oruinn. Annsin do ṫeilgiodar na cráinn, agus do ṫuit an ċrannċar air Ionah.


As mar so a deírid íomlán ċoṁċruinniġ an TIĠEARNA, Cread an sarúġaḋsa do rinneaḃairsi a naġaiḋ Dé Israel, a ḃfilleaḋ do leaṫtaoiḃ a niuġ ó leanṁuin an TIĠEARNA, mar do rinneaḃair altóir ḋíḃ féin, ċor go raċaḋ siḃ a ttréatuireaċd a niuġ a naġaiḋ an TIĠEARNA?


Aċt go ḃfillfiḋsi fós a niuġ ó leanmahuin an TIĠEARNA? agus iseaḋ ḃías de, ó rinneaḃairsi tréatuireaċd a naġaiḋ an TIĠEARNA, go mbía sé feargaċ a máraċ re coṁċruinniuġaḋ Israel uile.


Naċ deárna Aċan ṁac Sérah sáruġaḋ annsa ní ṁalluiġ, agus do ṫuit dioġaltas ar ċloinn Israel uíle? agus ní hé an fear sin aṁáin do ṫuit ann a ċoir.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan