Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 6:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 ¶ Agus do ġoir Iosua mac Nun na sagairt, agus a dúḃairt riú, Togḃuiḋ súas airc an ċunarṫa, agus iomċraidís móirṡeisear sagart seaċd stuic daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe airc an TIĠEARNA.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 6:6
11 Iomraidhean Croise  

Agus cuirfe tú na maidiḋe ann sna fáinniḃ, re táoḃuiḃ na háirce, ċor go niomċarṫar a náirc léo.


Agus ar mbeiṫ do Ṡaul, fós ag séideaḋ bagair agus marḃṫa a naġiaḋ ḋeisciobal an Tiġearna, do ċúaiḋ sé ċum a nárdṡagairt.


Agus do ċúaḋḃair tar Iordan, agus tangaḃair go Ieriċo: agus do ṫroideadar fir Ieriċo ḃur naġaiḋ na Hamorítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Canaanítiġ, agus na Hititiġ, agus na Girgasítíġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ; agus ṫug misi ann ḃur láṁuiḃ íad.


Agus do ḟuagradar don ṗobal, ġa ráḋ, A núair ċífiḋe airc ċunarṫa ḃur TTIĠEARNA Dé, agus na sagairt Leḃiteaċ gá hiomċar, ansin áṫroċuiḋe as ḃur náit, agus raċdáoi na díaiġ.


Agus do laḃair Iosua ris na sagartniḃ, ġá raḋ, Tóguiḋ súas aírc an ċunnarṫa, agus éirġiḋe ṫairis roiṁe an bpobal. Agus do ṫógḃadar aírc an ċunnarṫa súas, agus do ċúadar roiṁe an bpobal.


Agus do imṫiġeadar móirṡeisear sagart ag iomċar ṡeaċd stoc daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe aírc an TIĠEARNA ar a naġuiḋ a ccoṁnuiḋe, agus do ṡeídeadar na stuic: agus na dáoine armṫa ag imṫeaċd rompa; aċ tangadar a ndeireaḋ a ndiáiġ aírce an TIĠEARNA, na sagairt ag gaḃáil rompa, agus ag séideaḋ na stoc.


Agus tiucfuiḋ a ccríċ, a núair do ḋéanuid fúaim ḟada le haḋairc an reiṫe, agus a núair ċluinfid fuáim an stuic, gáirfid an pobal uile lé gáir ṁóir; agus tuitfid balluiḋe na caiṫreaċ síos go lár, agus raċuiḋ an pobal suas, gaċ éanduine ar aġuiḋ go díreaċ.


Agus a dúḃairt sé ris an bpobal, Gluáisiġ róṁuiḃ, agus timċiollṫaoi an ċaṫair, agus imṫiġeaḋ an té atá armṫa roiṁe aírc an TIĠEARNA.


¶ Agus tárla, a núair do laḃair Iosua ris an bpobal, gur ġluaisiodar an móirṡeisear sagart ag íomċar na stoc daḋarċuiḃ reiṫeaḋ roiṁe an TTIĠEARNA, agus do ṡéideadar ris na trumpuiḋiḃ: agus do lean airc ċunnarṫa an TIĠEARNA íad.


¶ Agus a núair ṫangadar na dáoine don ċampa, a duḃradar sinnsir Israel, Cred far ċláoiḋ an TIĠEARNA sinn a niuġ roiṁe na Ṗilistiniġ? Tugam ċugainn airc ċunnarṫa an TIĠEARNA as Síloh, ionnus a núair ṫiocfas ar measc, go ttárrṫoċuiḋ sinn ó láṁuiḃ ar náṁad.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan