Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 6:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus tiucfuiḋ a ccríċ, a núair do ḋéanuid fúaim ḟada le haḋairc an reiṫe, agus a núair ċluinfid fuáim an stuic, gáirfid an pobal uile lé gáir ṁóir; agus tuitfid balluiḋe na caiṫreaċ síos go lár, agus raċuiḋ an pobal suas, gaċ éanduine ar aġuiḋ go díreaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 6:5
17 Iomraidhean Croise  

Agus a nuair do ḟuáimniġ guṫ an sduic a ḃfad, agus do ḟás níos airde, do laḃair Maóise, agus do ḟreagair Día é re guṫ.


Agus béarṫar síos daingion ṗuirt áird do ḃallaḋ, leagfuiġṫear go hísiol, agus béarṫar go lár, éaḋon go nuige an luáiṫreaḋ íad.


Agus biáiḋ ar gáċ uile ṡlíaḃ árd, agus ar gaċ cnoc árd, sroṫa agus caiseaḋa uisgeaḋ a ló a náir ṁóir, a nuair ṫuitfid na tuir.


Eíġiḋ na haġaíḋ timċioll fa ccuáirt: ṫug sí a láṁ: do ṫuiteadar a bunáite, do teilgeaḋ síos a ballaḋa: óir isé sin díoġaltas an TIĠEARNA: déan dioġaltas uirre; déan ría, mar do rinne sí.


As tré ċreideaṁ do ṫuiteadar balluiḋe Ierico, tar éis gaḃála na dtimċiol seaċd lá.


Agus tárla ar an seaċdṁaḋ húair, an tan do ṡéideadar na sagairt na stuic, go nduḃairt Iosua ris an bpobal, Gáiriḋ; óir ṫug an TIĠEARNA an ċaṫair ḋíḃ.


¶ Marsin do ġáireadar an pobal a núair do ṡéideadar na sagairt na stuic: agus tárla, a núair do ċúaladar an pobal faaim an stuic, agus do ġáireadar an pobal lé ġáir ṁóir, gur ṫuit an balla sios ar lár, ionnus go ndeaċuiḋ an pobal súas don ċaṫruiġ, gaċ éanduine ar aġaiḋ, agus do ġaḃadar an ċaṫair.


Agus iomċoruid móirṡeasar sagart seaċt ttrumpuiḋe daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe a náirc: agus ar an seaċdṁaḋ lá timċeoltaoi an ċaṫair seáċd núaire, agus seídfid na sagairt na trumpuiḋe.


¶ Agus do ġoir Iosua mac Nun na sagairt, agus a dúḃairt riú, Togḃuiḋ súas airc an ċunarṫa, agus iomċraidís móirṡeisear sagart seaċd stuic daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe airc an TIĠEARNA.


Agus do rinneadar na luiḋeaċáin deiṫnios, agus do lingeadar ar Ġibeah; agus do ṫarruingeadar na luiḋeaċ ain ar anáġaiḋ, agus do ḃúaileadar án ċaṫair uile le fáoḃar an ċloiḋiṁ.


¶ Agus do éiriġ Dáiḃi súas go moċ ar maidin, agus dfág na cáoiriġ ag coiṁeáduiġ, agus rug leis, agus dimṫiġ, mar a duḃairt Iesse ris; agus ṫáinic sé ċum an trinnsi, a núair do ḃí an slúaġ ag dul amaċ do ṫroid, agus do ġaíreadar ċum an ċaṫa.


¶ Agus do éirġeadar muinntir Israel, agus muinntir Iúdah, agus do ġáireadar, agus do leanadar na Ṗilistiniġ, nó go tí tú go gléann, agus go geataiġ Ecron. Agus an luċd do loiteaḋ do na Ṗilistiniḃ do ṫuiteadar síos annsa tsliġe go Saaraim, go nuige Gát, agus go nuige Ecron.


Agus a núair ṫáinic airc ċunnarṫa an TIĠEARNA don ċampa, do léigeadar Israel uile gáir le gaireaḋ ṁór, ionnus gur ċumscuiġ an taluṁ ḋe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan