Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 6:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus do loisgeadar an ċaṫair le teiniḋ, agus a nuile ní dá raiḃ inte: aṁáin do ċuireadar an tairgiod, agus an tór, agus na sóiṫiġe práis agus íaruinn, a nionṁus ṫiġe an TIĠEARNA.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 6:24
13 Iomraidhean Croise  

A núair do innisiodar sin do Ḋáiḃi, do ċuir sé aírrcís orra, do ċionn go raiḃ náire ṁor ar na daoiniḃ: agus a duḃairt an riġ riú, Fanuiḋ ann Ieriċo nó go ḃfásuiḋ ḃur ḃféasóga, annsin filliġ.


Agus do loisg se tiġ an TIĠEARNA, agus tiġ an ríġ, agus tiġṫe Ierusalem uile, agus tiġ gaċ éanduine ṁóir do loisg sé lé teine.


Do ċoisrig Dáiḃi ríġ íad sin mar an ccéadna don TIĠEARNA, maille ris a nór agus ris a nairgiod ṫug sé as na críoċaiḃsa uile; ó Edom, agus ó Ṁóab, agus ó ċloinn Ammon, agus ó na Ṗilistiniḃ, agus Amalec.


Agus do loisceadar a gcaiṫreaċa uile, ionar áitreaḃadar, agus a gcaisléin sgíaṁaċa uile le teiniḋ.


Agus cruinneoċa tú a héadáil uile go lár a sráide, agus loiscfe tú le teiniḋ an ċaṫair, agus a héadail uile ó ḃeag go mór, ar son an TIĠEARNA do Ḋía: agus biáiḋ na carn go bráṫ; ní cuirfiġear súas ċoiḋċe i.


Agus ní ḃeanfa éainní don ní ṁalluiġ dot láiṁ: ċor go ḃfilliḋ an TIĠEARNA ona ḋásaċd feirge, agus go ttaisbeanuiḋ grasa ḋuitsi, agus go raiḃ truáiġe aige ḋuit, agus go méideoċuiḋ sé ṫú, mar do ṁionnuiġ sé dot aiṫriḃ;


¶ Aċ do ċaíṫreaċuiḃ na muintiresi, noċ do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit mar oiġreaċd, ní ṡaorfa tú béo éinní ann a mbía anál:


Agus do ḃuaileadar a raiḃ danmannuiḃ inte lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, ga scrios uile: níor fágḃaḋ áon díoḃ do ṫarruing anála: agus do loisg sé Hásor le teiniḋ.


Aċd a nuile airgiod, agus ór, agus soiġṫiġe práis agus íaruinn, atáid coisrigṫe don ṪIĠEARNA: tiucfuid a nionnṁus an TIĠEARNA.


Agus dó ċuṁdaiġ Iosua Rahab án ṁéirdreaċ béo, agus muinntir tiġe a haṫar, agus a raiḃ aice uile; agus áitreaḃuiġ sí an Israel gus a niuġ; do ċionn gur ḟoluiġ sí na teaċda, do ċuir Iosua do ḃraṫ Ieriċo.


Agus do loisg Iosua Ai, agus do rinne cárn di go bráṫ, áit ḟásuiġ gus a niuġ.


Agus na deiċ naḋárca do ċonnairc tú air a nainṁíḋe, biáiḋ fúaṫ aca don ṁeirrdriġ, agus fúigfid fásuiġe noċduiġe í, agus íosuid a feóil, agus loisgfid re teine í.


Uime sin a náon lá aṁáin tiucfuid a pláġa, bás agus doilġeas, agus gorta; agus loisgfiġṫear í ré téine: óir is neartṁar an Tíġearna Día ḃéuras breaṫ ḋamnuiġe uirrṫe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan