22 ¶ Aċd a dúḃairt Iosua ris an ndís fear do ċuáiḋ do ḃraṫ na tíre, Eirgiḋe go tiġ na méirdriġ, agus tugaiḋ amaċ as sin an ḃean, agus a nuile ní dá ḃfuil aice, mar do ṁionnuiġeaḃair ḋi.
Agus do ġoir an ríġ na Gibeonitiġ, agus a duḃairt riú; (anois na Gibeonitiġ ní do ċloínn Israel íad, aċd íarsma na Namoriteaċ; agus ṫugadar clann Israel mionna ḋóiḃ: agus do ṫionnsgain Saul a marḃaḋ ioná ṫeasġraḋ do ċloinn Israel agus Iúdah).
An té a ttarcuisniġṫear an droċḋuine iona ṡúiliḃ; aċd onóruiġios an dream air a mbí eagla an TIĠEARNA. An té noċ ṁionnuiġios ċum a ḋioġḃála féin, agus naċ malartuiġionn.
Mar ṁairim a deir an Tiġearna DIA, go deiṁin annsa náit a ccoṁnuiġionn an ríġ do rinne ríġ ḋe, ar ṫarcuisniġ sé a ṁionna, agus ar ḃris sé a ċunnraḋ, aigesion a lár ná Babilóine éugfuiḋ sé.
¶ Agus biáiḋ an ċaṫair móidiġṫe, í féin, agus a ḃfuil inte, don TIĠEARNA: aṁáin mairfiḋ Rahab an ṁeirdreaċ, í féin agus a ḃfuil na foċair sa tiġ, do ḃríġ gur ḟoluiġ sí na teaċda do ċuireamar uáinn.
Agus do ċúadar na hóganuiġ do ḃí na luċd braṫá a steaċ, agus tugadar Rahab amaċ, agus a haṫair, agus a maṫair, agus a dearḃraiṫre, agus a raiḃ aice uile; agus tugadar a gáol uile amaċ, agus dfágḃadar taoḃ amuiċ do ċampa Israel íad.
Agus a núair do ṫaisbéin sé ḋóiḃ sliġe ḋul a steaċ na caiṫreaċ, do ḃuaileadar an ċaṫair le fáoḃar an ċloiḋiṁ; aċd do leígiodar an fearsin as agus muinntir a ṫiġe uile.