Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 6:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus ar gaċ uile ċorr coiṁéadniġsi siḃ féin ar éainni móidiġṫe, deagla go ndeanaḋ siḃ siḃ féin malluiġ, a nuáir ġlacfuiḋe an ní malluiġ, agus go ndéanaḋ siḃ malluġaḋ do ċampa Israel, agus go mbúaiḋeorṫaoi é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 6:18
20 Iomraidhean Croise  

An sin do ḃí gorta a laéṫiḃ Ḋáiḃi trí bliaḋna, a ndiáiġ a ċéile; agus dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA, Is arson Ṡauil, agus a ṫiġe ḟuiltíġ, do ḃríġ gur ṁarḃ sé na Gibeonitiġ.


Is féarr críonnaċd ná airm cogaiḋ: aċt milliḋ aóinṗeacaċ aṁáin mórán maiṫeasa.


Agus a duḃairt seision ríu, Tógḃuiḋ súas mé, agus teilgiḋ amaċ san ḃfairge mé; mairsin biáiḋ a nfairge ciúin aguiḃ: óir atá a ḟios agum gurob air mo ṡon féin atá an tanfa mórso oruiḃ.


Bíoḋ ḃur ngráḋ gan ċeilg. Bíoḋ gráin agaiḃ ar a nolc; agus ceangluiġ don ṁaiṫ.


Uime sin taguiḋ amaċ as a lár, agus dealuiġe ríu, a deir an Tiġearna, agus ná bíoḋ buáin aguiḃ ré ní neaṁġlan; agus géuḃuiḋ misi ċugam siḃ,


Agus ná bíoḋ cumann aguiḃ ré hoibriġiḃ neaṁṫarḃaċa an dorċaduis, aċd go maḋ luáiṫe ríḃ ḋá loċduġaḋ.


Agus ní ḃeanfa éainní don ní ṁalluiġ dot láiṁ: ċor go ḃfilliḋ an TIĠEARNA ona ḋásaċd feirge, agus go ttaisbeanuiḋ grasa ḋuitsi, agus go raiḃ truáiġe aige ḋuit, agus go méideoċuiḋ sé ṫú, mar do ṁionnuiġ sé dot aiṫriḃ;


¶ Má ḃíon ḃúr measc éanduine, naċ bía glan tre ṡalċar ḃeanus dó san noiḋċe, ansin raċaiḋ sé amaċ as an ccampa, ní ṫiucfa sé táoḃ a steaċ don ċampa:


Ní mó ḃéuras tú aḋḟuaṫṁaireaċd ċum do ṫiġe, deagla go mbeiṫeá ad ní ṁalluiġ cosṁuil ris: aċ fuaṫoċaiḋ tú é ṫríd amaċ, agus biáiḋ gráin ort roiṁe go hiomlan; oír is ní malluiġ é.


Ag so an ríaġail ġlan gan ċáiḋe a ḃfíadnuise Dé agus a Naṫar, Eaḋon dul dféuċain na ndileaċdaḋ agus na mbaintreaḃaċ a nám a ríaċdanuis, neaċ é féin do ċoiṁéud gan ċáiḋe ón tsáoġal.


Aċ do rinneadar clann Israel sáruġaḋ ansa ní móidiġṫe: óir do ġlae Aċan, ṁac Carmi, ṁic Sabdi, ṁic Serah, do ṫreiḃ Iúdah, don ní ṁóidiġṫe: agus do háḋnah fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ cloinne Israel.


Eíriġ, naóṁuiġ an pobal, agus abair, Náoṁuiġe siḃ féin a gcoinne an laói máruiġe: óir is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, Atá ní móidiġṫe ann ḃur lár, ó Israel: ní ḟeadṫaoi seasaṁ as coinne ḃur náṁad, nó go gcurṫaói uáiḃ an ní malluiġṫe ó ḃeiṫ ḃur measc.


Agus is eaḋ ḃias de, an té ar a mbéarṫar leis an ní móidiġṫe loisgfiġear lé teiniḋ é féin, agus a mbía aige uile; do ḃríġ gur ṡáruiġ sé cunraḋ an TIĠEARNA, agus do ḃríġ gur oibriġ sé leiṁe a Niosrael.


Agus a duḃairt Iosua, Cred as ar ḃuáiḋir tusa sinne? buáiḋeoruiḋ an TIĠEARNA ṫusa a niuġ. Agus do ċloċadar Israel uile lé cloċuiḃ é, agus loisgeadar íad lé teine, tar éis a ccloċaḋ lé cloċuiḃ.


A ċlann ḃeag, coiṁéuduiġ siḃ féin air ioḋaluiḃ. Amén.


Aċ do ċoigil Saul agus a nahuinntir Agag, agus an ċuid do bfeárr do na cáorċuiḃ, agus do na daṁuiḃ, agus do na méaṫuiḃ, agus do na huanuiḃ, agus gaċ éinni ḃí go maiṫ, agus nior ḃáill leó a léirsgrios: aċd gaċ einni ḋá raiḃ míṁeasta agus tarcuisneaċ, do scriosadar íad sin go hiomlán.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan