Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 6:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 ¶ Agus biáiḋ an ċaṫair móidiġṫe, í féin, agus a ḃfuil inte, don TIĠEARNA: aṁáin mairfiḋ Rahab an ṁeirdreaċ, í féin agus a ḃfuil na foċair sa tiġ, do ḃríġ gur ḟoluiġ sí na teaċda do ċuireamar uáinn.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 6:17
26 Iomraidhean Croise  

Agus beannóċuiḋ mé an ṁéid ḃeannoċus ṫú, agus mailleoċuiḋ mé an té ṁailleoċas ṫú: is ionnadsa ḃeannóċar treaḃa an doṁuin uile.


Agus giḋ bé naċ ttiucfaḋ fá ċeann ṫrí lá do réir ċoṁairle na bprionsaḋ agus na sinnsior, go ttoigfiḋ a ṁaóin uile, agus go ndeileoċuiḋ é féin as comċruinniuġaḋ na druinge rugaḋ ar siuḃal.


Atá cloiḋioṁ an TIĠEARNA líonta dfuil, do rinneaḋ méuṫ lé méuṫus é, agus lé fuil úan agus ġaḃar, agus le geir ḋuḃán na reiṫeaḋ: óir atá íoḋbairt ag an TTIĠEARNA a Mbosrah, agus ár mór a ttír Idumea.


Oír isé so lá an Tiġearna DIA na slóġ, lá an dioġaltais, ċor go ndiġeoluiḋ sé é féin air a naṁuid: agus sluigfiḋ an cloiḋeaṁ, agus sáiseoċṫar é agus cuirfiġear ar meisce é lé na ḃfuilsion: óir atá íoḋbuirt ag an Ttiġearna DIA na slóġ annsa tír ṫuáiġ láiṁ re haḃuinn Euṗrátes.


¶ Agus, ṫusa á ṁic an duine, is marso a déir an Tiġearna DIA; Laḃair ris a nuile éun sciaṫanaċ, agus ré huile ḃeaṫaċ an ṁaċaire, Cruinniġiḋ siḃ féin, agus tigiḋ; cruinniġiḋ siḃ air gaċ uile ṫáoḃ ċum mo íoḋbarṫasa do ním dofráil air ḃur son, eaḋon íoḋbairt ṁór ar ṡléiḃtiḃ Israel, iondus go níostaói feóil, agus go nioḃṫaói fuil.


Aċd an fearann, a nuáir raċus amaċ annsá íubilé, biáiḋ náóṁṫa don TIĠEARNA, mar ḟearann taḃartuis; biáiḋ a ṡealḃ ag an tsagart.


Eiriġ agus buáil, a inġean Ṡion: óir do ḋéana misi íarann dot aḋairc, agus do ḋéana mé hingne na bprás: agus buáilfiḋ tú na ccodċaiḃ mórán daóine: agus náoṁṫoċa misi a ttarḃa don TIĠEARNA, agus a ttaḋḃaċt do ṪIĠEARNA na talṁan uile.


Agus freagóruiḋ an Rí agus a déara sé ríu, A deirim riḃ go fírinneaċ, An feaḋ do rinneaḃair é don duine is luġa do na dearḃráiṫreaċaiḃsi agumsa, go ndearnaḃair ḋaṁsa é.


Giḋ bé naċ graḋuiġeann an Tiġearna Iósa Críosd, bíoḋ sé malluiġṫe óir atá an Tiġearna air na ṫeaċt.


Aċd laḃramáoid éagna Dé a seicreid, a néagna ḟolaiġeaċ, noċ do orduiġ Día roiṁ an tsáoġal ċum ar nglóirinne:


Oir an ṁéid atá do ṫáoḃ oibriġṫeaḋ an reaċda atáid síad fáoi an mallaċd: oír atá sgríoḃṫa, As malluiġe gaċ áon naċ ccoṁnuiġeann sna huile neiṫiḃ atá sgríoḃṫa a leaḃar an reaċd ċum a ndéunta.


Giḋeaḋ ní ón ċreideaṁ atá an reaċd: aċd, An tí ḋéunas íad mairfiḋ sé ṫrioṫaḋ.


Aċ scriosfa tú ṫríd amaċ íad; mar atá na Hititiġ, agus na Hamoritiġ, na Cananítiġ, agus na Peirisítiġ, agus na Hiḃítiġ, agus na Iebusitiġ; mar do aiṫin do ṪIĠEARNA Día ḋíot:


As tré ċreideaṁ nár sgriosaḋ an ṁeirrdreaċ Rahab a naóinḟeaċd ris an druing do ḃí easúṁal, ar dtaḃairt aóiḋeaċda uáiṫe don luċd braṫa go síoṫċánta.


Oír ní ḃfuil Día neaṁċoṁṫrom, go mbíaḋ dearmud aige ar ḃur nobair agus air ṡáoṫar ḃur ngráḋa, noċ do ḟoillsiġeaḃair ḋá ainm, sa miniondrálaċd do rinneaḃair, agus fós do ní siḃ do na náoṁuiḃ.


Agus mar an gcéudna fós an ṁeirdreaċ Rahab, a né náċ as oibreaċuiḃ do rinenaḋ firéunta í, an tan tug sí aóiḋeaċd do na teaċdaireaḋiḃ, agus do ċuir sí uáiṫe íad a sliġe eile?


Agus do ċuir Iosua mac Nun días fear amaċ as Sitim do ḃraṫ go secreideaċ, gá ráḋ, Eirġiḋe measuiḋ an dúiṫċe, eaḋon Ieriċo. Agus do imṫiġeadar, agus tangadar go tiġ meirdriġ, dar ḃainm Rahab, agus do ḟosadar ann sin.


Agus do imṫiġeadarsan, agus tangadar fan tslíaḃ, agus do ḟanádar ann sin trí lá, no gur ḟilleadar na lorgairiḋ: agus do iarradar na lorgairiḋ íad ar feaḋ na sliġeaḋ, aċ ní ḟuáradar íad.


Aċ do rinneadar clann Israel sáruġaḋ ansa ní móidiġṫe: óir do ġlae Aċan, ṁac Carmi, ṁic Sabdi, ṁic Serah, do ṫreiḃ Iúdah, don ní ṁóidiġṫe: agus do háḋnah fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ cloinne Israel.


Anois éiriġ agus buáil Amalec, agus léirscrios gaċ uile ní dá ḃfuil aca, agus na coigil íad; aċ marḃ an ḃean agus an fear, an leanaṁ agus naoiḋe na cíċ, an daṁ agus an ċáora, an cáṁall agus an tassal.


¶ Agus a duḃairt Saul ris na Ceníteaċaiḃ, Eirgiḋe, fágḃuiḋ so, teiġiḋ síos ó ḃeaṫ a measc na Namaleciteaċ, deagla go scriosfuinnsi siḃ maille riú: óir do ṫaisbeanaḃairsi muintearḋas do ċloinn Israel uile, a nuair ṫangadar súas as taluṁ na Hégipte. Marsin dimṫiġeadar na Cenítíġ ó ḃeiṫ a measc na Namaleciteaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan