10 Agus do aiṫin Iosua don ṗobal, dá ráḋ, Na déanuiḋ gáir, ná torann ar biṫ lé ḃur nguṫ, agus ná tigeaḋ éanḟocal as ḃur mbéul, nó go ttí an lá a naibéoramisi riḃgáireaḋ; an sin gáirfiḋe.
¶ Ar a naḋḃarsin is marso a deir an Tiġearna DIA, Féuċ cuirfiḋ mé cloċ a Sion mar ḃunáit, cloċ ḋearḃṫa, cloċ ṁórluáiġ ċuáinne, bunáit ḋaingean: an té ċreidios ní ḋéana sé deiṫnios.
Agus do ċúadar na daoíne armṫa roiṁe na sagartuiḃ, noċ do ṡéid na stuic, agus táinig a ndeireaḋ a ndiáiġ na háirce, na sagairt ag dul ar a naġuiḋ, agus ag séideaḋ na stoc.