A núair do innisiodar sin do Ḋáiḃi, do ċuir sé aírrcís orra, do ċionn go raiḃ náire ṁor ar na daoiniḃ: agus a duḃairt an riġ riú, Fanuiḋ ann Ieriċo nó go ḃfásuiḋ ḃur ḃféasóga, annsin filliġ.
Agus fúair ríġ na Hassíria droiċṁéin ann Hoseá: óir do ċuir sé teaċda go So ríġ na Hégipte, agus ní ṫug sé tioḋlacaḋ ar bíṫ go ríġ na Hassíria, mar do rinne sé ó ḃliaḋuin go bliaḋuin: ar a naḋḃarsin do ḋruid ríġ na Hassíria fa íaḋaḋ é, agus do ċeangail sé a bpríosún é.
Agus a duḃairt Elias ris, A Elísa, fan annso, íaruim mar aṫċuinge órt; oír do ċuir an TIĠEARNA misi go Ieriċo. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanumsa, ní ḋeileoċuiḋ mé riot. Marsin do ċuádar gó Ieriċo.
Muna ḃfoirgníġe an TIĠEARNA an tiġ, is díoṁaóin oibriġid an luċt ḟoirgniġios é: muna ccuṁduiġe an TIĠEARNA an ċaṫair, is go díoṁaóin do ní an fear coiṁéada faire.
Agus do ċuir Iosua mac Nun días fear amaċ as Sitim do ḃraṫ go secreideaċ, gá ráḋ, Eirġiḋe measuiḋ an dúiṫċe, eaḋon Ieriċo. Agus do imṫiġeadar, agus tangadar go tiġ meirdriġ, dar ḃainm Rahab, agus do ḟosadar ann sin.
Agus do leanadar na dáoine na ndíaiġ annsa tsliġe go Iordan go nuige na háṫanna: agus ar ball ar imṫiġeadar an ṁuintirsin do ḃí ḋá lorg amaċ, do ḋruideadar an geata.