Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 5:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Iosua, Ansa lóso do ṫiomáin mé míoċlú na Hégipte úaiḃ. Uime sin goirṫear ainm na háitesin Gilgal gus a niuġ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 5:9
21 Iomraidhean Croise  

Agus a duḃradur ríu, Ní ḟéadmáoidne an ní si a ḋéanaṁ, ar nderḃṡíur do ṫaḃairt do neaċ naċ ḃfuil timċillġéarrṫa; óir do buḋ masla ḋúinn sin.


Marsin dfill an ríġ, agus ṫáinic go Iordan. Agus ṫáinic Iudah go Gilgal, dimṫeaċd a ccoinne an ríġ, da ṫaḃairt tar Iordan.


Mar an gcéadna ó ṫiġ Ġilġal, agus as maċairiġiḃ Ġeba agus Asmaḃet: óir do rinneadar an táos ceóil bailte ḋóiḃ féin fa ccuáirt timċioll Ierusalem.


Iompoiġ uáim mo scannail noċ is eaguil liom: óir is maiṫ do ḃreiṫeaṁnuis.


¶ Féuċ, tiucfuid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, iona smaiċteoċa misi a nuile ṫimċillġéarrṫa maille ris an neiṁṫimċillġéarrṫa;


Agus rinneadar stríopaċus annsa Négipt; do rinneadar stríopaċus iona nóige: annsin do brúiġeaḋ a gcíċe, agus annsin do ḃrúiġeadar cíoċa a maiġdíonuis.


Ní mó dfág sí a stríopaċus ón Négipt: óir do luiġeadar lé iona haóis óig, agus do ḃrúiġeadar cíċe a maiġdionuis, agus do ḋóirtiodar a stríopaċus uirre.


¶ Má atá go ndéana tusa, a Israel, stríopaċus, ṫairis sin ná ciontuiġeaḋ Iúdah; agus ná tígiḋse go Gilgal, narab mó raċtaói súas go Bet‐aḃen, agus ná mionnuiġiḋ, Mairiḋ an TIĠEARNA.


Taḃair amaċ an té do rinne an malluġaḋ táohh amaċ do nfosluingṗurt; agus leagdáois an ṁéid do ċualaíḋ é a láṁa ar a ċíonn, agus cloċaḋ an coṁċruinniuġaḋ uile é.


Aċt ná híarruiḋ Bet‐el, agus ná héirġiḋ a steaċ go Gilgal, agus ná gluáisiġ go Beer‐seba: óir raċfuiḋ Gilgal go deiṁin a mbraiġdionas, agus raċfuiḋ Bet‐el a neiṁní.


O mo ṗobal, cuiṁniġiḋ a nois créd do ċoṁairliġ Balac ríġ Ṁóab, agus cred do ḟreagair Bálaam ṁac Beor ḋó ó Ṡittim go Gilgal; ċor go naiṫeontaóise fíréantaċt an TIĠEARNA.


¶ Do ċúala mé masla Ṁóab, agus cáintéoireaċd ċloinne Ammon, lé ar ṁasluiġeadar mo ḋáoine, agus lé ar ṁóruiġeadar íad feín a naġaiḋ a tteórann.


Annois ar a naḋḃarsin bíoḋ eagla an TIĠEARNA oruiḃ, agus foġnaiḋ ḋó a ngloine agus a ḃfírinne: agus cuiriḋ uáiḃ na dée dar ġéilleadar ḃur naiṫre don taóiḃ oile don tuile, agus annsa Negipt; agus déanuiḋ serḃís don TIĠEARNA.


¶ Agus tangadar an pobal súas as Iordan an deaċṁaḋ lá don ċédṁí, agus do rinneadar foslungṗort ann Gilgal, ansa nimeal ṡoir do Ieriċo.


Agus tárla, a núair do ċríoċnuiġeadar an timċillġearraḋ ar an bpobal uile, gur ḟanadar ar a náitiḃ ansa ccampa, nó go raḃadar slán.


Agus a duḃairt Ionatan ris a nóganaċ do iomċair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine neṁṫimċill‐ġeárrṫasa: dob éidir go noibreoċaḋ Día air ar son: óir ní ḃfuil toirṁeasg ar an TTIĠEARNA dídean da ḋéanaṁ lé mórán nó lé beagán.


Agus do laḃair Dáiḃi ris na dáoiniḃ, do ṡeas láiṁ ris, ġá ráḋ, Cred do ḋéantar ris an té ṁarḃus an Ṗilistineaċsa, agus ṫóigfeas a ṁioċlú do Israel? óir cía hé an Ṗilistineaċ neiṁṫimċillġeárrṫasa, asa ngreinneoċaḋ sé slúaġ Dé ḃí?


Do ṁarḃ do ṡearḃḟoġantuiġ an leoṁan agus an maṫġaṁuin: agus biáiḋ an Ṗilistineaċ neiṁṫimċillġéarrṫasa mar áon aca, ó ṫug sé dúḃṡlán ṡlóiġ Dé ḃí.


Agus do imṫiġeaḋ ó ḃlíaḋain go blíaḋain ar ċuáirt‐timċill go Bétel, agus Gilgal, agus Mispeh, agus do nioḋ sé breiṫeaṁnus ar Israel ann gaċ áit ḋíoḃ sin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan