Ann sin do ġlac Sipporah cloċ ġéur, agus do ġearr réuṁċroiceann a mic, agus do ṫeilg fa ná ċosuiḃ é, agus a duḃairt: Go deiṁin is fear fuilteaċ ḋaṁsa ṫú.
Agus do ġlac sé coṁarṫa an timċillġearrṫa, séula fíréantaċda an ċreidiṁ do ḃí aige an sa neaṁṫimċeallġearraḋ: ionnus go mbeiṫ sé na aṫair ag gaċ áon do ċreidfeaḋ san neaṁṫimċillġearraḋ; do ċum go measfuiḋe fíréantaċd ḋóiḃsean mar an gcéudna:
Agus timċillġearrfuiḋ do ṪIĠEARNA Día do ċróiḋe, agus croiḋe do ṡleaċda, do ġráḋuġaḋ do ṪIĠEARNA Dé red ċroiḋe uile, agus led anum uile, ċor go mairfe tú.