Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 5:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus a duḃairt seision, Ní heaḋ; aċd már ċaiptín do ṡlúaġ an TIĠEARNA ṫáinic mé a nois. Agus do ṫuit Iosua ar a aġaiḋ gus an talaṁ, agus do rinne aḋra, agus a duḃairt sé ris, Cred a deir mo ṪIĠEARNA re na óglaċ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 5:14
35 Iomraidhean Croise  

An sin do ṫuit Abraham ar aġuiḋ; agus do rinne gáire, agus a duḃairt ann a ċroiḋe, An mbéurṫar mac don ti atá a ccionn a ċéud blíaḋan dáois agus Sárah atá nóċad blíaġan dáois, an mḃéura sí?


Agus do ṫuit Abram ar aġúiḋ: agus do ċoṁráiḋ Día ris, dá ráḋ,


Agus fós ba beag so ad raḋarcsa, a ṪIĠEARNA Día; aċ do laḃair tú mar an gcéadna ar ṫiġ do ṡearḃḟoġantuiġ go cian daimsir. Agus a né so dliġeaḋ an duine, a ṪIĠEARNA Día?


Agus cred ḟéadus Dáiḃi ráḋ riot nios mó? óir atá fios ṡearḃḟoġantuiġ agadsa, a ṪIĠEARNA Día.


A duḃairt an TIĠEARNA lem Ṫiġearna, Suiḋsi air mo láiṁ ḋeis, go ndéarna mé do cosstól dot naiṁdiḃ.


Cía hé an Ríġsi na glóire? TIĠEARNA na slóġ, isé sin Ríġ na glóire. Selah.


Agus a duḃairt Maoisi ris anTTIĠEARNA O mo ṪIĠEARNA ní ḃfuilimsi deaġlaḃarṫa, ná roiṁe só, ná ó laḃair tusa réd ṡerḃiseaċ: Aċd atáim mall a ccoṁráḋ, agus mall a dteanguiḋ.


Agus a duḃairt sesion, O mo Ṫiġearna, guiḋim ṫú, cuir uáit ris an té noċ ċuirfeas tú uait.


Féuċ, ṫug mé eision mar ḟiaḋnuisi don ṗobal, na ṫréoraiġṫeóir agus na ċaiptín don ṗobal.


¶ Mar an ccéadna do ċúalaiḋ mé gúṫ an Tiġearna, ġa ráḋ, Cía ċuirfeas mé uaim, agus cía raċus air ar son? Annsin a duḃairt misi, Atáimse annso; cúir misi uáit.


Annsin déiriġ misi, agus do ċúaiḋ amaċ san reiġteaċ: agus, féuċ, do ṡeas glóir an TIĠEARNA annsin, mar an nglóir do ċonnairc mé ag sruṫ Ċebar: agus do ṫuit misi ar maġaiḋ.


Aċt do ṡeas prionnsa rioġaċda na Persia riom lá agus fiṫċe: aċt, féuċ, ṫáinic Miċael, áon do na haird ṗrionnsaḋuiḃ, dom ċaḃair; agus do ċoṁnuiġ mé annsin ag ríġṫiḃ na Persia.


Aċt taisbeanfa mé ḋuit an ní atá aiṫniḋ a scrioptúir na fírinne: agus ní ḃfuil áon ċungnas liom annsna neiṫiḃse, aċt Miċael do ṗrionnsasa.


Agus annsa namsin seasfuiḋ Miċael súas, an prionnsa mór ṡeasas air son ċloinne do ṗobailsi: agus biáiḋ am buáiḋearṫa ann, a leiṫéid naċ raiḃ a ríaṁ eaḋon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuiġear do ṗobalsa, a nuile ḋuine dá ḃfuiġṫear scrioḃṫa annsa leaḃar.


Aseaḋ, do ṁóruiġ sé é féin eaḋon go prionnsa an tsluáiġ, agus is leis rugaḋ as a nioḋbairt láeṫeaṁuil, agus do teilgioḋ síos áit a ṡanctora.


Agus táinic teine amaċ ó ḟíaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do ḋíoḃáiḋ ar a naltóir a nofráil loiscṫe agus an ġeir: noċ a nuáir do ċonairc an pobal, do ġáireadar, agus do ṫuiteadar ar a naġaiḋ.


Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ, agus a duḃradar, A Ḋé, Día spiorad gaca uile ḟéola, an bpeacóċuíḋ áonduine aṁáin, agus an mbía tú feárgaċ ris an bpobal uile?


Eíriġ amaċ ás an gcuideaċduin go mbásuiġe misi íad a móiment. Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ.


Annsin dfoscuil an TIĠEARNA súile Ḃálaam, agus do ċonnairc Bálaam aingeal an TIĠEARNA na ṡeasaṁ san tsliġe, agus a ċloiḋeaṁ tairngṫe iona láiṁ: agus do ċláon sé síos a ċeann, agus do ṫuit sínte ar a aġuiḋ.


A duḃairt an TIĠEARNA rém Ṫiġearna sa, Suiḋ ar mo láiṁ ḋeis, no go gcuire mé do náiṁde na sdol fád ċosuiḃ?


Agus, féuċ, tainic lóḃar ċuige agus do ṡléaċd sé ḋó, ag ráḋ, A Ṫiġearna, máḋ áill leaċd, is éidir leaċd misi do ġlanaḋ.


Agus cionnus do éiriġ so ḋamsa, go dtiocfaḋ maṫáir mo Ṫiġearna féin ċugam?


Agus a deir Dáiḃi féin a leaḃar na Salm, A duḃairt an TIĠEARNA rém Ṫiġearnasa, Suiḋ ar mo láiṁ ḋeis,


Agus tárla, an tan do ḃí sé a ccaṫruiġ áiriġe, féuċ óglaċ lán do luḃra: agus ar ḃfaicsin Iósa ḋó do leig sé é féin síos ar aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé é, a ráḋ, A Ṫiġearna, más toil leaċd é, is éidir leaċd misi do ġlanaḋ


Agus do ḟreagair Tomás agus a duḃairt sé rís, Mo Ṫiġearna agus mo Ḋia.


Agus ar mbeiṫ do Ṡául ar criṫ agus lán dúaṫḃas a duḃairt sé, A Ṫiġearna, créud is áil leaċd do ḋéunaṁ ḋaṁ? Agus a duḃairt an Tiġearna ris, Eiriḋ, agus imṫiġ a sdeaċ don ċaṫruiġ, agus foillséoċar ḋuit créud is cóir ḋuit a ḋéunaṁ.


Agus fós go deiṁin, measuim gur dioġḃáil na huile neiṫe, ar son éolais ro oirḋeirc Iósa Críosd mo Ṫiġearna: agar léig mé ḋíom na huile neiṫe ar a ṡon, agus measuim naċ ḃfuil ionnta aċd aóileaċ, ionnus go ngnoḋaċuinn Críosd,


Oír dob iomċuḃaiḋ don tí, ar son a ḃfuilid na huile neiṫe, agus tré a ḃfuilid na huile neiṫe, ar dtaḃairt ṁorain cloinne ḋó ċum glóire, ceannurra a slánaiġṫe do ḋéunaṁ iomlán tré ḃuáiḋearṫuiḃ.


Do laḃair an TIĠEARNA mar an gcéadna ré Iosua, ġa ráḋ,


Agus do ḃí cáṫ ar neaṁ: do ċáṫuiġ Miċéul agus a aingil ris an dragún; agus do ċáṫuiġ an dragún agus a aingil riusún,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan