Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 5:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 ¶ Agus tárla, a núair do ḃí Iosua ag Ieriċo, gur ṫog a ṡúile súas, agus gur aṁairc, agus, feaċ, do ṡeas duine ṫall as a ċoinne gon a ċloiḋeaṁ noċduiġ iona láiṁ: agus do ċuaiḋ Iosua mar a raiḃ sé, agus a duḃairt ris, Ann air ar soinne atá tusa, nó ar son ar náṁad?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 5:13
24 Iomraidhean Croise  

Agus do ḟoilísiġ an TIĠEARNA e féin dó a réiteaċ Ṁamre: agus do ṡuiġ sé a ndorus na puible a tteas an láoi.


Agus do ṫóg a ṡúile suas, agus daṁarc sé, agus féuċ, tríurfear na seasaṁ laiṁ ris, agus a nuáir do ċonnairc sé íad do riṫ na gcoinne ó ḋorus na puible, agus do ċláon é féin go talaṁ.


Agus do ṁúsguil Iácob as aċodlaḋ, agus a duḃairt, Go deiṁin atá an TIĠEARNA sa náitsi; agus ní raiḃ a ḟios agamsa.


Agus do ṫóg Iácob a ṡúile súas, agus daṁairc se, agus féuċ do ṫáinic Esau agus ceiṫre ċéad fear leis. Agus do roinn sé an ċlann do Léah, agus do Ráċel, agus don dá ċuṁal.


Agus do ṫóg se súas a ṡúile, agus do ċonnairc na mná agus an ċlann; agus a duḃairt, Cía híad súd agud? agus a duḃairt seision, An ċlann tug Día go grásaṁuil dod ṡeirḃíseaċ.


Oír fa namsín lá air lá do ṫigeaḋ go Dáiḃi do ċongnaṁ ris, nó go raiḃ na ṡluáġ ṁór, cosṁuil re slúaġ Dé.


Agus dfúagair an TIĠEARNA don naingeal; agus do ċuir sé a ċloiḋeaṁ a steaċ a rís iona ṫrúaill.


Aċt níor ḟéud Dáiḃi dul da laṫair dfíafruiġ do Ḋia: oir do ḃi eagla air do ḃríġ ċloiḋiṁ aingil an TIĠEARNA.


Oír raċuiḋ Maingeal roṁad, agus do ḃeura a steaċ ṫu ċum na Namoríteaċ, agus ċum na Hítiteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Gcananíteaċ, no Hiḃíteaċ, agus na Iebusiteaċ: agus gearrfa mé amaċ íad.


Annsin do ṫóig mé mo ṡúile súas, agus do ċonnairc mé, agus féuċ duine áiriġ a néadaċ lín, agá raḃadar a leasraċ criosluiġṫe lé hór fínealta Uṗas:


Annsin do ṫóig mé súas mo ṡúile, agus do ċonnairc mé, agus, féuċ, do ṡeas as coinne na haḃann reiṫe air a raḃadar ḋá aḋairc: agus dob árd an dá aḋairc; aċd buḋ áirde áon ná an dara, agus ṫáinic a naḋarc buḋ áirde súas fa ḋeireaḋ.


Do ċonnairc mé san noiḋċe, agus féuċ duine ag marcuiġeaċd air eaċ rúaḋ, agus do ṡeas sé a measc na ccrann miortail noċ do ḃí san ġleann; agus do ḃádar na ḋiáiġ eiċ dearga, ballaċa, agus bána.


Agus do ċonnairc an tassal aingeal an TIĠEARNA na ṡeasaṁ ar a tsliġe, agus a ċloiḋeaṁ noċduiġe iona láiṁ: agus do ionntóiġ an tassal as a tsliġe amaċ, agus do ċuáiḋ ar feaḋ an ṁacaire: agus do ḃuáil Bálaam an tassal, dá ḟilleaḋ annsa tsliġe.


Annsin dfoscuil an TIĠEARNA súile Ḃálaam, agus do ċonnairc Bálaam aingeal an TIĠEARNA na ṡeasaṁ san tsliġe, agus a ċloiḋeaṁ tairngṫe iona láiṁ: agus do ċláon sé síos a ċeann, agus do ṫuit sínte ar a aġuiḋ.


Agus an féaḋ do ḃádar ag féaċuín go gér air neaṁ agus eisean ag imṫeaċd, feuċ, do ṡeasadar días fear a neadaċ geal láiṁ ríu;


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Iosua, Féuċ, ṫug mé Ieriċo ad láiṁ, agus a riġ, agus a ḋáoine curata a ngaisgiḋ.


Agus a meaḋón na seaċd gcoinnleóir sin neaċ bá cosṁuil ré Mac an duine, noċ fá raiḃ éudaċ ráinic síos go a ṡáluiḃ, agus crios órrġa ṫairis a dtimċioll a ċíoċ.


Agus déiriġ Manoah, agus do ċúaiḋ a ndiáiġ a ṁná, agus ṫáinig gus a nóglaċ, agus a duḃairt ris An tusa an té do laḃair ris an mnaoi? Agus a duḃairt seision, Is mé.


Agus a duḃairt Manoah ré na ṁnáoi, Do ġeaḃam bás go deiṁin do ḃríġ go ḃfacamar Diá.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan