Agus is mar so íostáoi é: maille re ḃur ḃforḋronnuiḃ criosluiġṫe, ḃur mbróga ar ḃur ccosuiḃ, agus ḃur mbata an ḃur láiṁ; agus íostáoi go deiṫneasaċ é; sé cáisg an TIĠEARNA é.
Aċt do lean slúaġ na Ccaldéanaċ íad, agus rugadar ar Ṡedeciah a réitiḃ Ieriċo: agus an tan rugadar air, ṫugadar súas go Nebuċadnessar ríġ na Babilóine é, go Riblah a ttír Hámat, áit a rug sé breiṫeaṁnus air.
Uimesin, a ṁic an duine, gléus soiṫiġe ċum áṫruiġṫe, agus áṫruiġ annsa ló inna raḋarcsan; agus áṫroċa tú ód áit féin go háit oile iona raḋarc: do bféidir go measfaidis, bíoḋ go ḃfuilid na ttiġ easuṁal.
O mo ṗobal, cuiṁniġiḋ a nois créd do ċoṁairliġ Balac ríġ Ṁóab, agus cred do ḟreagair Bálaam ṁac Beor ḋó ó Ṡittim go Gilgal; ċor go naiṫeontaóise fíréantaċt an TIĠEARNA.
Agus do ċúadar go Iosua don nfoslungṗort a Ngilgal, agus a duḃradar ris, agus re fearuiḃ Israel, Tangamar as tír imċéin: a nois uime sin déanuiḋsi síṫ rinn.
Agus do imṫiġeaḋ ó ḃlíaḋain go blíaḋain ar ċuáirt‐timċill go Bétel, agus Gilgal, agus Mispeh, agus do nioḋ sé breiṫeaṁnus ar Israel ann gaċ áit ḋíoḃ sin.