Iosua 5:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)1 Agus tárla, a núair do ċúaladar uile ríġṫe na Namoríteaċ, do ḃí ré táoḃ Iordan don táoḃ ṡíar, agus uile ríġṫe na Gcanaaníteaċ, do ḃí láiṁ ris an ḃfairge, gur ṫiurmuiġ an TIĠEARNA uisgiḋe Iordan súas roiṁe ċloinn Israel, nó go ndeaċamar ṫairis, gur leaġaiḋ a ccroiḋe, agus naċ raiḃ spiorad ionta ní ḃus mó, tre eagla ċloinne Israel. Faic an caibideil |
Anois a núair do rinneaḋ na neiṫesi, ṫangadar na prionnsaḋa ċugamsa, ḋa ráḋ, Níor ḋealuiġ pobal Israel, nó na sagairt, nó na Leḃítiġ, íad feín ó ḋaoiniḃ na ccríoċ, ag déanaṁ do reír a ngráineaṁlaċd, eaḋon na Ccananíteaċ, na Hititeaċ, na Bperisiteaċ, na Iebusiteaċ, na Nammomteaċ, na Moabiteaċ, na Négipteaċ, agus na Namoriteaċ.
Agus biáiḋ ann, a nuáir a déaruid síad riot, Cred as a nuċḃaḋann tú? go ḃfreagora tú, Ar son na scéul; do ḃríġ go ttig sé: agus leiġfiḋ a nuile ċroiḋe, agus biáid na huile láṁa lag, agus anḃfainneoċuiḋ gaċ uile spiorad, agus biáid na huile ġlúine lag aṁuil uisge: féuċ, atá sé ag teaċt, agus do ḃéarṫar a ccríċ é á deir an Tiġearna DIA.
Gur ṡeasadar na huisgiḋe ṫáinic a núas ó náit ṡúas agus gur éiriġ súas na ċárn go ro ḟada ón ċaṫruiġ Adam, atá ré táoḃ Sarétan: aċ gur ḟailliġeadar íad sin ṫáinic a núas leaṫ ré fairge an réitiġ, a nfairge ṡaillte, agus gur gearraḋ amaċ íad: agus go ndeaċadar an pobal a nonn go díreaċ as coinne Ieriċo.