9 ¶ Agus do ċuir Iosua ḋá ċloiċ ḋéag na seasaṁ a lár Iordan, san náit ar ṡeasadar cosa na sagart do iomċuir airc an ċunarṫa: agus atáid ansin gus a niuġ.
Agus do ṫairngeadar amaċ maideaḋa na háirce, ċor go ḃfaicṫi cinn na maídeaḋ amaċ ón airc as coinne an noracuil; aċt ní facus amuiġ íad. Agus atáid annsin gus a niuġ.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Tárr ċugamsa suas ar a tslíaḃ, agus bí ann sin: agus do ḃéura misi claír ċloiċe ḋuit, agus dliġeaḋ, agus aiṫeanta do scrioḃ mé: ionnus go múinfe tusa ḋóiḃ iád.
Agus béid na cloċa maille re hanmannuiḃ ċloinne Israel, a dó ḋéag, do réir a nanmann, aṁail ġráḃail ṡignéid; gaċ áon díoḃ lé na ainm, beid do réir án dá ṫreiḃ ḋéag.
¶ Agus do scríoḃ Iosua na briaṫraso a leaḃar ḋliġe Dé, agus do ṫóg cloċ ṁór, agus do ċuir na seasaṁ annsin í faói ḋaruiġ, do ḃí láiṁ ré sanctora an TIĠEARNA.
¶ Oir do ṡeasadar na sagairt do iomċuir a náirc a lár Iordan, nó gur críoċnuiġeaḋ gaċ éinní dar aiṫin an TIĠEARNA do Iosua do laḃairt ris an bpobal, agus do réir a nuile neiṫe dar aiṫin Maóise do Iosua: agus do rinneadar an pobal deiṫfir agus do ċúadar ṫairis.