Agus aiṫin díoḃ, ġá ráḋ, Beiriḋsi liḃ as so as lar Iordan, as a náit ar ṡeasadar go daingean, cosa na sagart dá ċloiċ ḋéag, agus béarṫaói liḃ a nonn íad, agus fáguiḋ íad san náit fosaḋ, a mbéid na loistiníḋe a noċd.
Agus a duḃairt Iosua ríu, Eirgiḋe ṫairis roiṁe aírc ḃur TTIĠEARNA Dé go meaḋon Iordan, agus tóġhuiḋ súas gaċ éanduine aguiḃ cloċ ar a ġúaluinn, do reir uiḃre ṫreaḃ ċloinne Israel: