A nois ar a naḋḃarsin, O a ṪIĠEARNA ar Ndía, guiḋim ṫú, sáorsa sinne as a láiṁ, ċor go mbía a ḟios ag uile rioġaċduiḃ an doṁuin gur tusa aṁáin, an TIĠEARNA Día.
¶ Agus dfill sé ċum óglaiċ Dé, é féin agus a ċuideaċa uile, agus ṫáinic, agus do ṡeas sé dá laṫair: agus a duḃairt sé, Féuċ, anois aiṫniġim naċ ḃfuil Día air biṫ air an ttaluṁ uile, aċd a Nisrael: anois ar a naḋḃarsin, guiḋum ṫú, glac tioḋlacaḋ ód ṡearḃḟoġantuiġ.
As uáitsi ṫig saiḋḃrios aráon agus onóir, agus atá tú ad ríġ ós cionn a nuile; agus ann do láiṁ atá cuṁaċda agus neart; agus is ann do láiṁ atá mór do ḋéanaṁ, agus neart do ṫaḃairt don nuile.
Agus do ċonnairc Israel a nobair ṁór sin do rinne an TIĠEARNA ar na Hégiptiḃ: agus do ḃi eagla an TIĠEARNA ar an bpobal, agus do ċreideadar an TIĠEARNA, agus a ṡerḃíseaċ Maóise.
Tuitfiḋ uaṁan agus eagla orra; lé méid do laiṁe béid síad toċdaċ mar ċloiċ; no go ndeaċuiḋ do ṗobalsa ṫairis, a ṪIĠEARNA, no go ndeaċuiḋ an pobal ṫairis, noċ do ċeannuiġ tusa.
Agus a duḃairt Maóise ris an pobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ: óir is do ḃur ndearḃaḋ ṫainic Día, agus ionnus go mbía eagla as coinne ḃur naġáiḋeaḋ, ionnus naċ bpeacuiġeaḋ siḃ.
Ionnus go mbía eagla an TIĠEARNA do Ḋía ort, agus go ccoiṁeudfá a reaċda uile agus a aiṫeanta, noċ ḟúagruimsi ḋuit, ṫú féin, agus do ċlann, agus clann do ċloinne, ar feaḋ do ṡáoġuil; íonnus go ḃfaideoċṫáoi do laéṫe.
A muġ ḃéaras an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi; agus buáilfiḋ mé ṫú, agus beanfaiḋ mé do ċeann díot: agus do ḃéara me anúiġ conablaċa ṡluáiġ na Ḃṗilistineaċ déanlaiṫiḃ a naieir, agus do ḃeaṫaċaiḃ allta an ṁaċaire; ċor go mbía a ḟios ag an doṁan uile go ḃfuil Dia a Nisrael.