Agus aiṫin díoḃ, ġá ráḋ, Beiriḋsi liḃ as so as lar Iordan, as a náit ar ṡeasadar go daingean, cosa na sagart dá ċloiċ ḋéag, agus béarṫaói liḃ a nonn íad, agus fáguiḋ íad san náit fosaḋ, a mbéid na loistiníḋe a noċd.
Agus do rinneadar clann Israel mar do aiṫin Iosua ḋíoḃ, agus do ṫogḃadar súas ḋá ċloiċ ḋéag as lár Iordan, mar a dúḃairt an TIĠEARNA re Iosua, do réir uiḃre ṫreaḃa ċloinne Israel, agus rugadar léo a nonn íad gus a náit ar ḟosadar, agus do léigeadar ar lár ann sin íad.