Aċt ná híarruiḋ Bet‐el, agus ná héirġiḋ a steaċ go Gilgal, agus ná gluáisiġ go Beer‐seba: óir raċfuiḋ Gilgal go deiṁin a mbraiġdionas, agus raċfuiḋ Bet‐el a neiṁní.
O mo ṗobal, cuiṁniġiḋ a nois créd do ċoṁairliġ Balac ríġ Ṁóab, agus cred do ḟreagair Bálaam ṁac Beor ḋó ó Ṡittim go Gilgal; ċor go naiṫeontaóise fíréantaċt an TIĠEARNA.
Agus tárla annsa ċeaṫraċdṁaḋ blíaḋan san néanṁaḋ mí déug, ar an ccéad lá don ṁí, gur laḃair Maóise re cloinn Israel, do réir a nuile ní do laḃair an TIĠEARNA ris do aiṫne ḋíoḃsan;
Naċ ḃfuilid síad ar an ttaóiḃ oíle do Iordan, ar a tsliġe mar a ttéid an ġrían faói, a ttír na Gcanaaníteaċ, noċ áitreaḃus ann sa réiteaċ ṫall as coinne Ġilgal, láiṁ ré maċairiġiḃ Ṁóreh?
¶ Agus do ċuireadar muintir Ġibeon fios ċum Iosua don ċampa go Gilgal, gá ráḋ, Ná mainneaċdnuiġ do láṁ ód ṡerḃíseaċuiḃ; tárr ċuguinn tráṫ, agus sáor sinn, agus tárṫuiġ sinn: oir atáid na ríġṫe nan Amoriteaċ áitreaḃus air na sléiḃtiḃ uile ar ccruinniuġaḋ ar naġuiḋ.
Agus do ċuáiḋ an téora súas leaṫ ré Debir ó ġleann Aċor, agus marsin buḋ ṫuáiġ, ag féaċuin leaṫ ré Gilgal, atá roiṁe ḋul súas go Haddummim, noċ atá táoḃ ó ḋeas don tsruṫ: agus do ċuáiḋ an téora leaṫ ré huisgiḋiḃ En‐semes, agus do ḃádar a ndula amaċ sin ag En‐rogel.
Agus do ċúaḋḃair tar Iordan, agus tangaḃair go Ieriċo: agus do ṫroideadar fir Ieriċo ḃur naġaiḋ na Hamorítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Canaanítiġ, agus na Hititiġ, agus na Girgasítíġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ; agus ṫug misi ann ḃur láṁuiḃ íad.
Agus tárla, a núair ṫangadar na sagairt súas noċ diomċuir aírc ċunnarṫa an TIĠEARNA as lár Iordan, agus ar éirġeadar buinn cos na sagart súas ar talaṁ ṫirim, gur ḟilleadar uisgiḋe Iordan ann a náit féin, agus gur ṫuiliġeadar tar a brúaċuiḃ uile, mar do rinneadar roiṁe.
Agus do ċúadar go Iosua don nfoslungṗort a Ngilgal, agus a duḃradar ris, agus re fearuiḃ Israel, Tangamar as tír imċéin: a nois uime sin déanuiḋsi síṫ rinn.
Agus raċaiḋ tú síos roṁamsa go Gilgal; agus, féaċ, tiucfá misi siós ċugad, dofráil ofrala loisge, agus díoḃairt íoḋbarṫa ofrala sióṫċána: seaċd lá ḟanfas tú go tti misi ċugad, agus go ttaisbeanuiḋ mé ḋuit créd ḋéanfas tú.
Agus a duḃaírt Samuel, Mar do rinne do cloiḋeaṁsa mná gan ċloinn, mar sin ḃías do ṁaṫairsi gan ċloinn a measc na mban. Agus do ġeárr Samuel Agag na ċotċannuiḃ a laṫair an TIĠEARNA a Ngilgal.