Aċt do lean slúaġ na Ccaldéanaċ íad, agus rugadar ar Ṡedeciah a réitiḃ Ieriċo: agus an tan rugadar air, ṫugadar súas go Nebuċadnessar ríġ na Babilóine é, go Riblah a ttír Hámat, áit a rug sé breiṫeaṁnus air.
Aċd raċfam féin réiḋ armṫa roiṁe ċloinn Israel, nó go mbeiream dá náit íad: agus coiṁneoċuid ar náos óg annsna caiṫreaċuiḃ daingne ar eagla áitreaḃaċ na tíre.
¶ Agus do aiṫin misi ḋáoiḃ a nuairsin, ḋá ráḋ, Ṫug an TIĠEARNA ḃur Ndía an fearannsa ḋáoiḃ dá ṡealḃuġaḋ: raċṫáoi ṫairis armṫa a laṫair ḃur ndearḃráiṫreaċ clann Israel, a nuile ḋuine dá ḃfuil iomċuḃaiḃ ċum an ċogaiḋ.
An sin do ċúadar clann Israel uile amaċ, agus do ċruinniġeadar an coṁċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile aṁuil éanduine aṁáin, ó Ḋan go Beerséba, maille ré tír Ġilead, ċum an TIĠEARNA a Mispeh.