Agus do ċúaḋḃair tar Iordan, agus tangaḃair go Ieriċo: agus do ṫroideadar fir Ieriċo ḃur naġaiḋ na Hamorítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Canaanítiġ, agus na Hititiġ, agus na Girgasítíġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ; agus ṫug misi ann ḃur láṁuiḃ íad.
Agus gur ṡeasadar na sagairt do iomċuir aírc ċunarṫa an TIĠEARNA daingean ar talaṁ tirim a lár Iordan, agus go ndeaċadar clanna Israel uile ṫairis air taluṁ tirim, nó go ndeaċadar an pobal uile go hiomlán tar Iordan.
¶ Oir do ṡeasadar na sagairt do iomċuir a náirc a lár Iordan, nó gur críoċnuiġeaḋ gaċ éinní dar aiṫin an TIĠEARNA do Iosua do laḃairt ris an bpobal, agus do réir a nuile neiṫe dar aiṫin Maóise do Iosua: agus do rinneadar an pobal deiṫfir agus do ċúadar ṫairis.
Agus tárla, a núair ṫangadar na sagairt súas noċ diomċuir aírc ċunnarṫa an TIĠEARNA as lár Iordan, agus ar éirġeadar buinn cos na sagart súas ar talaṁ ṫirim, gur ḟilleadar uisgiḋe Iordan ann a náit féin, agus gur ṫuiliġeadar tar a brúaċuiḃ uile, mar do rinneadar roiṁe.