Agus a duḃairt Elias ris, Guíḋim ṫú, fan annso; óir do ċuir an TIĠEARNA misi go Iordan. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanumsa, ní ḟúigfiḋ mé ṫú. Agus dimṫiġeadar rompa aráon.
Agus do ċruinniġeadar a ndearḃráiṫre, agus do náoṁadar íad feín, agus ṫangadar, do réir aiṫne an ríġ maille re bríaṫruiḃ an TIĠEARNA, do ġlanaḋ ṫiġe an TIĠEARNA.
Agus do aiṫin Heseciah a nofráil loisge do losgaḋ ar a naltóir. Agus a núair do ṫosuiġ a nofráil loisge, do ṫósuiġ caintic an TIĠEARNA mar an gcéadna leis na stocaiḃ, agus leis na hionstrumintiḃ do órduíġ Dáiḃi ríġ Israel.
Tuilleaṁ fós dfúagair Heseciah an ríġ agus na prionnsaḋa do na Leḃítiḃ molaḋ do ċanaḋ don TIĠEARNA lé bríaṫruiḃ Ḋáiḃi, agus Asaṗ an faicsionaċ. Agus do ċanadar molaḋ maille re gáirdeaċus, agus do ċromadar a gcinn agus duṁluiġeadar.
Agus daiṫin mé do na Leḃítiḃ, íad féin do ġlanaḋ, agus teaċt agus na geataḋa do ċoiṁéad, do náoṁaḋ na sábbóide. Cuiṁniġ orumsa, ó mo Ḋía, uime so mar án ccéadna, coigil mé do réir ṁéad do ṫrócaire.
Agus a duḃairt Maóise ris an bpobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ, fanuiḋ ḃur seasaṁ, agus féuċuiḋ tárṫáil an TIĠEARNA, noċ ṫaisbéanfás sé ḋíḃ a niuġ; óir na Hégiptiġ do ċoncaḃair a niuġ, ní ḟaicfiḋe íad a rís go bráṫ.
Agus gur ṡeasadar na sagairt do iomċuir aírc ċunarṫa an TIĠEARNA daingean ar talaṁ tirim a lár Iordan, agus go ndeaċadar clanna Israel uile ṫairis air taluṁ tirim, nó go ndeaċadar an pobal uile go hiomlán tar Iordan.
Agus do ḟuagradar don ṗobal, ġa ráḋ, A núair ċífiḋe airc ċunarṫa ḃur TTIĠEARNA Dé, agus na sagairt Leḃiteaċ gá hiomċar, ansin áṫroċuiḋe as ḃur náit, agus raċdáoi na díaiġ.
¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, A niuġ ṫoiseoċus mé ar ṫusa oirḋerceaḋ a measg Israel uile, ċor go mbía a ḟios aca, mar do ḃí mé le Maóise, go mbía mé mar sin leaċdsa.