Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 3:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 ¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, A niuġ ṫoiseoċus mé ar ṫusa oirḋerceaḋ a measg Israel uile, ċor go mbía a ḟios aca, mar do ḃí mé le Maóise, go mbía mé mar sin leaċdsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 3:7
13 Iomraidhean Croise  

Agus do ṁéuduiġ an TIĠEARNA Solaṁ go hanṁór a raḋairc Israel uíle, agus do ḃronn sé ḋó a leiṫéid sin do ríoġaṁlaċd naċ raiḃ im éain ríġ roiṁe a Nisrael.


Agus do neartuiġeaḋ Solaṁ ṁac Dáiḃi iona rioġaċd, agus do ḃí a ṪIĠEARNA Día maille ris, agus do ṁéuduiġ sé é go hiomarcaċ.


Cred é an duine, as a ndéantá a ṁéuduġaḋ? agus as a ccuirfeá do ċroiḋe air?


Agus ṫuguis ḋaṁ mar an gceudna scíaṫ do ṡlánuiġṫe: agus do ċonnaiṁ do láṁ ḋeas súas mé, agus do ṁéuduiġ do ċeansaċd mé.


Do laḃair Iósa na neiṫesi, agus ag tógḃáil a ṡúl ċum neime ḋó a duḃairt sé, A Aṫair ṫáinig a nuáir, taḃair glóir dod Ṁac féin, ionnus dtíuḃraḋ do Ṁac glóir ḋuitse mar an gcéadna:


Do réir mar atá mo ṡúil agus mo ṁuiniġin go géur ris, náċ ccuirfiġṫear aḋnáire oram a náoin ni, aċd maille ré gaċ uile ḋóṫċas, aṁuil do ṫarrla ḋaṁ a ríaṁ, go náirdeoċar Críosd a nois mar an gcéudna um ċorp, más tré ḃeaṫa, nó tré ḃás é.


Do réir mar do éisteamar re Maóise ann sna huile neiṫiḃ, mar sin uiṁleoċam ḋuitsi: aṁáin go mbia do ṪIĠEARNA Día leaċdsa, mar do ḃí sé lé Máoise.


¶ Ní ḟéadfuiḋ éanduine seasaṁ ad aġuiḋ ar feaḋ láeṫe do ḃeaṫa: mar do ḃí mé lé Maóise, is mar sin ḃías mé leaċdsa: ní ḟailleoċa mé ort, ní mó ṫréigfios mé ṫú.


Náċ ar aiṫin misi ḋíot? Bí láidir agus lán ḃéoḋa; ná bíoḋ eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do ṪIĠEARNA Día maille leaċd giḋ bé áit a raċa tú.


Agus do laḃair Iosua ris na sagartniḃ, ġá raḋ, Tóguiḋ súas aírc an ċunnarṫa, agus éirġiḋe ṫairis roiṁe an bpobal. Agus do ṫógḃadar aírc an ċunnarṫa súas, agus do ċúadar roiṁe an bpobal.


Agus aiṫeona tú do na sagartuiḃ iomċras airc an ċunarṫa, ga ráḋ, A núair ṫiucfuiḋe go brúaċ uisge Iordan, seasfuiḋe ḃur ccoṁnuiġe an Iordan.


¶ Ansa ló sin do méaduiġ an TIĠEARNA Iosua a raḋarc Israel uile; agus do ḃí eagla aca roiṁe, mar do ḃí roiṁe Ṁaóise, ar feaḋ laéṫe a ḃeaṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan