Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 3:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 ¶ Agus a duḃairt Iosua ris an bpobal, Náoṁuiġ siḃ féin: óir do ḋéana an TIĠEARNA ionganta ḃur measc a máraċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 3:5
16 Iomraidhean Croise  

Agus is aṁluiḋ ḃí, a núair do ṫíaġaḋ láeṫe a bfleiḋe timċioll, go ccuireaḋ Iób fios orra agus go náoṁuiġeaḋ sé íad, agus go néirġeaḋ sé sa ṁoċ na maidne, agus go nofrálaḋ sé iodḃarṫa loisge do réir a nuiḃre uile: óir a deireaḋ Iób, Do bféidir gur ṗeacniġeádar mo ṁic, agus gur ṁalluiġeadar Día iona gcroiḋṫiḃ. Marso do níoḋ Iób go gnáṫaċ.


Dfúasgail tú led láiṁ do ḋaoine, clann Iácob agus Ióseṗ. Selah.


Oír is mór ṫusa, agus do nír neiṫe iongantaċa: is tú féin Día aṁáin.


Cruinniġiḋ an pobal, náoṁuiġ an coṁṫionnal, coṁġuiriḋ na sinsir, cruinniġiḋ an ċlann, agus an ṁéid iḃios an ċíoċ: éirġioḋ an fear núaḋṗósta amaċ as a ṡeomra, agus an ḃean núaḋṗósda amaċ as a cúil.


Ann sin a duḃairt Maóise re Háaron, Is é so an ní do laḃair an TIĠEARNA, gá ráḋ, Biáiḋ mé náoṁṫa annsa droing ṫig a ngar ḋaṁ, agus as coinne an ṗobail uile biáiḋ glóir ḋaṁ. Agus do ṫoċd Aáron.


¶ Náoṁuiḋ siḃ féin ar a naḋḃur sin, agus bíṫi náoṁṫa: óir misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.


Agus do imṫiġeaḋ an pobal fa gcuáirt, agus do ċruinniġedís é, agus do ṁeiledis a muiltiḃ é, no do ḃrúiġedís é a móirteur, agus do ḃruiṫedís a noiġniḃ é, agus do niġdís cácuiḋe ḋe: agus do ḃí a ḃlas aṁuil blas núaḋóla.


Agus is ar a sonsan náoṁaimsi mé féin, ionnus go mbéidísean mar an gcéadna ar na náoṁaḋ sa ḃfírinne.


Agus tiocfaiḋ a ccríċ ar ball, a ccuirfid na sagairt iomċras aírc an TIĠEARNA, Tiġearna na talṁan uile, boinn a ccos a nuisgiḋiḃ Iordan, go ngearrfuiġear uisgiḋe Iordan ó na huisgiḋiḃ ṫig a núas as a náit ṡúas; agus seasfuid na gcarn ar á ċéile.


Agus ar tteaċd don luċd do iomċuir a náirc go Iordan, agus ar ttumaḋ cos na sagart do iomċuir an náirc a mbrúaċ a nuisge, (óir tuliġiḋ Iordán a ḃruaċa uile feaḋ aimsire an ḟoġṁair,)


Giḋeaḋ biáiḋ spás eadruiḃ féin agus í, timċioll ḋá ṁíle cuḃad do ṫoṁas: ná tigiḋ laíṁ riá, ċor go mbiaḋ fios na sliġeaḋ aguiḃ íona ccaiṫfiḋe gaḃáil: óir níor ġaḃaḃair an tsliġesi roiṁe so.


Agus do laḃair Iosua ris na sagartniḃ, ġá raḋ, Tóguiḋ súas aírc an ċunnarṫa, agus éirġiḋe ṫairis roiṁe an bpobal. Agus do ṫógḃadar aírc an ċunnarṫa súas, agus do ċúadar roiṁe an bpobal.


Eíriġ, naóṁuiġ an pobal, agus abair, Náoṁuiġe siḃ féin a gcoinne an laói máruiġe: óir is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, Atá ní móidiġṫe ann ḃur lár, ó Israel: ní ḟeadṫaoi seasaṁ as coinne ḃur náṁad, nó go gcurṫaói uáiḃ an ní malluiġṫe ó ḃeiṫ ḃur measc.


Agus a duḃairt seision, Is go síoṫċánta: ṫáinic mé dioḋbairt don TIĠEARNA: náoṁuiḋ siḃ féin, agus tigiḋ liom ċum na híoḋbarṫa. Agus do náoṁuiġ sé Iesse agus a ṁic, agus do ġoir íad ċum na híoḋbarṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan