Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 3:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do ḟuagradar don ṗobal, ġa ráḋ, A núair ċífiḋe airc ċunarṫa ḃur TTIĠEARNA Dé, agus na sagairt Leḃiteaċ gá hiomċar, ansin áṫroċuiḋe as ḃur náit, agus raċdáoi na díaiġ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 3:3
20 Iomraidhean Croise  

Agus is aṁluiḋ ḃí, a núair do imṫiġedís an ṁuinntir diomċair aírc an TIĠEARNA sé ċoisceím, do íoḋbraḋ sé daiṁ agus méaṫusraḋ.


Agus do ċuireadar airc Dé ar ċairt núaiḋ, agus tugadar leó amaċ í as tiġ Abinadab noċ do ḃí a Ngibeáh: agus do ṫiomaín Ussah agus Ahio, días mac Abinadab, an ċairt núaḋ.


Agus tangadar sinnsir Israel uile, agus do ṫógḃadar na sagai t a náirc súas.


Ní mó ḃías easḃuiġ duine ar na sagartuiḃ na Leḃítiġ dom laṫairsi dofráil ofrála loisge, agus do losgaḋ ofrála bíḋ, agus do ḋéanaṁ íoḋbarṫa a ccoṁnuiḋe.


¶ Agus do imṫiġeadar ó ṡliaḃ an TIĠEARNA aístear ṫrí la: agus airc ċunnarṫa an TIĠEARNA ag imṫeaċd rompa a naistior na ttrí lá, diarruiḋ áite coṁnuiḋe ḋóíḃ.


Agus a nuair ċríoċnoċus Aáron agus a ṁic folaċ na sanctóra, agus uile ṡoiṫiġe na sanctora, mar ḃias an campa ag gluasaċd ar aġaíḋ; tar éis sin, tiocfuid mic Ċohat dá iomċar: aċd ni ḃeanfuid re héinní beannuiġṫe, deagla a mbásuiġṫe. Ag so úalaċ ṁac Ċohat a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫé.


A duḃairt Iósa an tansin ré na ḋeisciobluiḃ, Más áill le neaċ teaċd am ḋiaġsi, díultaḋ sé ḋó fein, agus tóġaḋ sé a ċros, agus leanaḋ se misi.


Agus ag teaċd do sgríobaiġ aíriġe, a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, leanfuiġ misi ṫu gioḋ bé ar biṫ ball ann a raċaiḋ tú.


Gur aiṫin Maóise do ná Leḃítiḃ, do iomċur aírc ċunarṫa an TIĠEARNA, ġá ráḋ,


¶ Agus do scríoḃ Maóise an dlíġeaḋsa, agus ṫug do na sagartuiḃ é do ċloinn Leḃi, noċ do iomċair airc ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus do ṡeanniḃ Israel uile.


Giḋeaḋ biáiḋ spás eadruiḃ féin agus í, timċioll ḋá ṁíle cuḃad do ṫoṁas: ná tigiḋ laíṁ riá, ċor go mbiaḋ fios na sliġeaḋ aguiḃ íona ccaiṫfiḋe gaḃáil: óir níor ġaḃaḃair an tsliġesi roiṁe so.


Agus do laḃair Iosua ris na sagartniḃ, ġá raḋ, Tóguiḋ súas aírc an ċunnarṫa, agus éirġiḋe ṫairis roiṁe an bpobal. Agus do ṫógḃadar aírc an ċunnarṫa súas, agus do ċúadar roiṁe an bpobal.


Agus aiṫeona tú do na sagartuiḃ iomċras airc an ċunarṫa, ga ráḋ, A núair ṫiucfuiḋe go brúaċ uisge Iordan, seasfuiḋe ḃur ccoṁnuiġe an Iordan.


¶ Oir do ṡeasadar na sagairt do iomċuir a náirc a lár Iordan, nó gur críoċnuiġeaḋ gaċ éinní dar aiṫin an TIĠEARNA do Iosua do laḃairt ris an bpobal, agus do réir a nuile neiṫe dar aiṫin Maóise do Iosua: agus do rinneadar an pobal deiṫfir agus do ċúadar ṫairis.


¶ Agus do ġoir Iosua mac Nun na sagairt, agus a dúḃairt riú, Togḃuiḋ súas airc an ċunarṫa, agus iomċraidís móirṡeisear sagart seaċd stuic daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe airc an TIĠEARNA.


A síad so an dream nár salċaḋ ré mnáiḃ; óir as óġa íad. A síad so an dream leanas an Túan giḋ bé hionad a dtéid. Atáid siad ar na gceannaċ as meaḋón na ndaóineaḋ, na ccéudṫórṫa do Ḋía agus do Núan.


Agus do ṫógḃadar na Leḃítiġ airc an TIĠEARNA síos, agus an cófra do ḃí na haice, mar a raḃadar na seóid óir, agus do ċuireadar ar an gcloiċ ṁóir íad: agus do ofráladar muinntir Ḃét‐semes ofráil loisge agus do íoḋbradar ioḋbarṫa an lá ceadna don TIĠEARNA.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan