Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 3:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus gur ṡeasadar na sagairt do iomċuir aírc ċunarṫa an TIĠEARNA daingean ar talaṁ tirim a lár Iordan, agus go ndeaċadar clanna Israel uile ṫairis air taluṁ tirim, nó go ndeaċadar an pobal uile go hiomlán tar Iordan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 3:17
14 Iomraidhean Croise  

Agus do ġlac Elias a ḟalluing, agus dfill ar a ċéile í, agus do ḃúail na huisgeaḋa, agus do roinneaḋ íad annso agus annsúd, iondus go ndeaċadar anonn aráon ar taluṁ tirím.


Diompóiġ sé a nfairge a ḃfearann ṫirim: do ċúadar dá gcois ṫríd a naḃuinn: annsin do rinneamairne lúaṫġáir annsan.


Agus do ṡin Maóise a láṁ amaċ ós cionn na fairge; agus tug an TIĠEARNA ar an ḃfairge dul (ar a hais) lé gáoiṫ láidir a noir, ar feaḋ na hoiḋċe sin agus do rinne a nfairge na talaṁ ṫirim agus do roinneaḋ na huisgiḋe.


Agus do ċúadar clann Israel a lár na fairge ar an ttalaṁ ṫirim: agus do ḃádur na huisgiḋe na mballa ḋóiḃ ar a láiṁ ḋeis, agus ar a cclé.


Agus do imṫeadar clann Israel ar talaṁ tirim a lár na fairge; agus do ḃadur na huisgiḋe na mballa ḋóiḃ ar a láiṁ ḋeis, agus ar a cclé.


Sluígfiḋ sé súas an bás a mbuáiḋ; agus tiormoċuiḋ an Tiġearna DIA déora do na huile aiġṫiḃ; agus cuirfe sé masla a ṗobail ar ccúl ón ttalaṁ uile: óir do laḃair an TIĠEARNA é.


Laḃair re cloinn Israel, agus abair riú, A nuáir raċfáoi ṫar Iordan go tír Ċánaain;


As tré ċreideaṁ do ċúadar trés an muir Ruáiḋ aṁuil tré ṫiormaċ: an ṁuir léur sluigeaḋ na Héigiptiġ ar dteaċd dá teasduġaḋ ḋóiḃ.


Agus tárla, a nuáir do ċuáiḋ an pobal uile go hiomlán tar Iordan, gur laḃair an TIĠEARNA re Iosua, ḋa raḋ,


¶ Oir do ṡeasadar na sagairt do iomċuir a náirc a lár Iordan, nó gur críoċnuiġeaḋ gaċ éinní dar aiṫin an TIĠEARNA do Iosua do laḃairt ris an bpobal, agus do réir a nuile neiṫe dar aiṫin Maóise do Iosua: agus do rinneadar an pobal deiṫfir agus do ċúadar ṫairis.


Agus tárla, a núair do ċúadar cáċ uíle go hiomlán a nonn, go ndeaċuiḋ airc an TIĠEARNA ṫairis, agus na sagairt, a ḃfiaġnuisi an ṗobuil.


Annsin do ḃéarṫaoi a ḟios ḋá ḃur ccloinn, ġá ráḋ, Ṫáinic Israel a nall tar an Iordanso ar ṫalaṁ tirim.


Agus aiṫin díoḃ, ġá ráḋ, Beiriḋsi liḃ as so as lar Iordan, as a náit ar ṡeasadar go daingean, cosa na sagart dá ċloiċ ḋéag, agus béarṫaói liḃ a nonn íad, agus fáguiḋ íad san náit fosaḋ, a mbéid na loistiníḋe a noċd.


Agus tárla, a núair do ċúaladar uile ríġṫe na Namoríteaċ, do ḃí ré táoḃ Iordan don táoḃ ṡíar, agus uile ríġṫe na Gcanaaníteaċ, do ḃí láiṁ ris an ḃfairge, gur ṫiurmuiġ an TIĠEARNA uisgiḋe Iordan súas roiṁe ċloinn Israel, nó go ndeaċamar ṫairis, gur leaġaiḋ a ccroiḋe, agus naċ raiḃ spiorad ionta ní ḃus mó, tre eagla ċloinne Israel.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan