Iosua 3:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)16 Gur ṡeasadar na huisgiḋe ṫáinic a núas ó náit ṡúas agus gur éiriġ súas na ċárn go ro ḟada ón ċaṫruiġ Adam, atá ré táoḃ Sarétan: aċ gur ḟailliġeadar íad sin ṫáinic a núas leaṫ ré fairge an réitiġ, a nfairge ṡaillte, agus gur gearraḋ amaċ íad: agus go ndeaċadar an pobal a nonn go díreaċ as coinne Ieriċo. Faic an caibideil |
Uimesin, a nuáir ṫáinic misi, an raiḃ neaċ ar biṫ? a nuáir do ġoir mé, an raiḃ aoinneaċ do ḟreagoraḋ? Nar giorruiġeaḋ mo láṁ ar áonċor, go naċ ḃféadann fúasglaḋ? nó naċ ḃfuil cuṁaċd ar biṫ sáorṫa agamsa? féuċ, lém aċṁusán tiormuiġim súas a nfairge, do ním na sroṫa na ḃfásaċ: bréanuiḋ a níasc, do ḋíṫ uisge, agus éaguid do ṫart.
Agus tárla, a núair do ċúaladar uile ríġṫe na Namoríteaċ, do ḃí ré táoḃ Iordan don táoḃ ṡíar, agus uile ríġṫe na Gcanaaníteaċ, do ḃí láiṁ ris an ḃfairge, gur ṫiurmuiġ an TIĠEARNA uisgiḋe Iordan súas roiṁe ċloinn Israel, nó go ndeaċamar ṫairis, gur leaġaiḋ a ccroiḋe, agus naċ raiḃ spiorad ionta ní ḃus mó, tre eagla ċloinne Israel.