Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 3:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus ar tteaċd don luċd do iomċuir a náirc go Iordan, agus ar ttumaḋ cos na sagart do iomċuir an náirc a mbrúaċ a nuisge, (óir tuliġiḋ Iordán a ḃruaċa uile feaḋ aimsire an ḟoġṁair,)

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 3:15
12 Iomraidhean Croise  

Agus a duḃairt Elias ris, Guíḋim ṫú, fan annso; óir do ċuir an TIĠEARNA misi go Iordan. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanumsa, ní ḟúigfiḋ mé ṫú. Agus dimṫiġeadar rompa aráon.


Is íad so ċuáiḋ tar Iordan anonn san ċéid ṁí, a núair do ċúaiḋ a ṫuile tar a ḃrúaċaiḃ uile; agus do ċuireadar ċum teiṫṁe muinntir na ngleann uile, aráon don noirṫear, agus don níarṫar.


Agus ṫangadar do ċloinn Ḃeniamin agus do ċloinn Iúdah gus a ndaingean go Dáiḃi.


Sailteoruiḋ an ċos síos í, eaḋon eos na mboċd, agus coisċéimiḋe na neasḃuiḋeaċ.


¶ Má rioṫ tú leís na coisiġiḃ, agus gur ċoireadar ṫú, annsin ciondus ḟéadas tú coimbling re heaċaiḃ? agus má ċoireadar ṫú a ttír na síoṫċána, ann ar ċuir tú do ḋóṫċus, cred maiseaḋ do ḋéana tu a nanfa Iordán?


Féuċ, tiucfa sé aṁuil leoṁan a níos ó árd Iordan gus a náitreaḃ neartṁar: aċt do ḃéara misi air rioṫ go hobann uáiṫe: agus cía an duine toġṫa, óirdeoċus mé ós a cionn? óir cía is cosṁuil riom? agus cía ċinnfios a naimsir ḋaṁ? agus cía an tréaduiġe ṡeasfas as mo ċoinne?


Imḋeargaiḋ sé a nfairge, agus do ní tirim í, agus tiormuiġiḋ sé súas na sroṫa uile: anḃfainniġ Básan, agus Carmel, agus críonuiḋ bláṫ Lebanon.


Agus tiocfaiḋ a ccríċ ar ball, a ccuirfid na sagairt iomċras aírc an TIĠEARNA, Tiġearna na talṁan uile, boinn a ccos a nuisgiḋiḃ Iordan, go ngearrfuiġear uisgiḋe Iordan ó na huisgiḋiḃ ṫig a núas as a náit ṡúas; agus seasfuid na gcarn ar á ċéile.


Agus tárla, a núair ṫangadar na sagairt súas noċ diomċuir aírc ċunnarṫa an TIĠEARNA as lár Iordan, agus ar éirġeadar buinn cos na sagart súas ar talaṁ ṫirim, gur ḟilleadar uisgiḋe Iordan ann a náit féin, agus gur ṫuiliġeadar tar a brúaċuiḃ uile, mar do rinneadar roiṁe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan