Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 3:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 ¶ Agus tárla, a nuáir do áṫruiġeadar an pobal ó na loistíniḃ, do ḋul tar Iordan, agus na sagairt ag iomċar airce an ċunarṫa roiṁe an bpobal;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 3:14
10 Iomraidhean Croise  

Eiriġ, a ṪIĠEARNA, ċum hionaid coṁnuiġe; ṫú féin, agus aírc do neirt.


Agus tiucfa a ccríċ, a nuáir oirlíonfuiḋe agus ṁéideoċṫaoi annsa tír, annsna laéṫiḃsin, a deir an TIĠEARNA, ní aibeoruid síad ní as mó, Airc ċunnarṫa an TIĠEARNA: ní mó ṫiucfas dá nintinn: ní mó ċuiṁneoċuid síad í; ní mó raċaid síad ar cúairt ċuice; ní ḋéantar sin ní sa ṁó.


Glac an leaḃarso an dliġe, agus cuir a ttaoḃ airc ċunarṫa do ṪIĠEARNA Dé e, ċor go mbiáiḋ sé ansin mar ḟíaḋunisi ad aġuiḋ.


Sa náit a raiḃ an túiséir orrġa, agus áirc an ċonnarṫa ar na ḟolaċ timċioll ré hór, ann a raiḃ an pota orrġa ann a raiḃ an manna, agus slat Aáróin naċ do sgeiṫ, agus cláir an ċonnarṫa;


Agus do ċúaḋḃair tar Iordan, agus tangaḃair go Ieriċo: agus do ṫroideadar fir Ieriċo ḃur naġaiḋ na Hamorítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Canaanítiġ, agus na Hititiġ, agus na Girgasítíġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ; agus ṫug misi ann ḃur láṁuiḃ íad.


Agus do ḟuagradar don ṗobal, ġa ráḋ, A núair ċífiḋe airc ċunarṫa ḃur TTIĠEARNA Dé, agus na sagairt Leḃiteaċ gá hiomċar, ansin áṫroċuiḋe as ḃur náit, agus raċdáoi na díaiġ.


Agus do laḃair Iosua ris na sagartniḃ, ġá raḋ, Tóguiḋ súas aírc an ċunnarṫa, agus éirġiḋe ṫairis roiṁe an bpobal. Agus do ṫógḃadar aírc an ċunnarṫa súas, agus do ċúadar roiṁe an bpobal.


¶ Agus do ġoir Iosua mac Nun na sagairt, agus a dúḃairt riú, Togḃuiḋ súas airc an ċunarṫa, agus iomċraidís móirṡeisear sagart seaċd stuic daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe airc an TIĠEARNA.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan