Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 3:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do eíriġ Iosua go moċ ar maidin; agus do áṫruiġeadar as Sitim, agus tangadár go Iordan, é féin agus clann Israel uile, agus do ḟosadar annsin suil do ċúadar ṫairis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 3:1
16 Iomraidhean Croise  

Agus do éiriġ Abraham súas go moċ ar maidin, agus do ġlac arán, agus buidél uisge, agus tug sin do Hágar, agus do ċuir ar a gualuinn é, agus an leanaṁ, agus do ċuir ar siuḃal í: agus do imṫiġ sí, agus do ḃi ar fud ḟásuiġ Ḃeerséba.


Agus do éiriġ Abraham go moċ ar maidin, agus do uġmuiḋ a asal, agus rug días dá óganaċuiḃ leís, agus a ṁac Isaac, agus do scoilt an connaḋ don offráil loisge, agus do éiriġ súas, agus do ċuáiḋ gus a náit a duḃairt Día ris.


Do rinne mé deiṫfir, agus ní ḋéarnas failliġe haiṫéanta do ċoiṁéad.


On treas blíaḋain déug do Iosiah ṁac Amon ríġ Iúdah, eaḋon go nuige an lása, (sé sin an treas blíaḋan fíṫċiod,) ṫáinic focal an TIĠEARNA ċugamsa, agus do laḃair mé riḃsi, ag moċéirġe agus ag laḃairt; aċt níor éisteaḃair.


Déisteaċt re bríaṫruiḃ mo ṡeirḃíseaċ na fáiġe, noċ do ċuir mé ċugaiḃ, aráon ag eírġe air maidin, agus da ccur uáim, aċt níor éisteaḃair;


Agus anois, do ḃríġ go ndéarnaḃair na hoibreaċaso uile, a deir an TIĠEARNA, agus gur laḃair misi riḃ, ag éirġe go moċ agus ag laḃairt, aċt ní ċúalaḃairsi; agus do ġoir mé siḃ, aċt níor ḟreagraḃair;


O mo ṗobal, cuiṁniġiḋ a nois créd do ċoṁairliġ Balac ríġ Ṁóab, agus cred do ḟreagair Bálaam ṁac Beor ḋó ó Ṡittim go Gilgal; ċor go naiṫeontaóise fíréantaċt an TIĠEARNA.


Agus do ċoṁnuiġ Israel a Sittim, agus do ṫosuiġeadar an pobal stríopaċus do ḋéánaṁ lé hinġinnuíḃ Ṁoab.


Agus ar maidin, go roṁoċ ar néirġe ḋó a ndeireaḋ na hoiḋċe, do ċúaiḋ sé amaċ, agus do imṫiġ sé go háit ḟásaṁuil, agus do rinne sé urnuiġṫe ann sin.


Agus do ċuir Iosua mac Nun días fear amaċ as Sitim do ḃraṫ go secreideaċ, gá ráḋ, Eirġiḋe measuiḋ an dúiṫċe, eaḋon Ieriċo. Agus do imṫiġeadar, agus tangadar go tiġ meirdriġ, dar ḃainm Rahab, agus do ḟosadar ann sin.


Agus do éiriġ Iosua go moċ ar maidin, agus do ṫógḃadar na sagairt airc an TIĠEARNA súas.


Agus tárla ar an seaċdṁaḋ lá, gur éirġeadar go moċ timċioll scarṫa an láoi, agus gur ṫimċilleadar an ċaṫair ar an moḋ céadna seaċd núaire: aċd aṁain ar an lá sin do ṫimċilleadar an ċaṫair seaċd núaire.


¶ Mar sin do éiriġ Iosua go moċ ar maidin, agus tug Israel leis iona ttreaḃuiḃ; agus do gaḃaḋ treaḃ Iudah:


Agus do éiriġ Iósua go moċ ar maidin, agus do áiriṁ sé an pobal, agus do ċuáiḋ suás, é féin agus sinnsir Israel, roiṁe an bpobal go Hái.


Agus déirġeadar clann Israel súas ar maidin, agus do rinneadar campa a naġaiḋ Ġibeah.


¶ Agus do éiriġ Dáiḃi súas go moċ ar maidin, agus dfág na cáoiriġ ag coiṁeáduiġ, agus rug leis, agus dimṫiġ, mar a duḃairt Iesse ris; agus ṫáinic sé ċum an trinnsi, a núair do ḃí an slúaġ ag dul amaċ do ṫroid, agus do ġaíreadar ċum an ċaṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan