Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 24:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus a duḃairt Iosua ris an bpobal uile, As mar so a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do áitreaḃadar ḃur naiṫreaċa don taóiḃ oile don tuile annsa tseanaimsir, eaḋon Terah, aṫair Abraham, agus aṫair Naċor: agus do aḋradar dée oile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 24:2
16 Iomraidhean Croise  

Agus do ṁair Serug tríoċad bliaġan, agus do ġein Nahor:


Agus do ṁair Nahor naoí mbliaġna fiċiod, agus do ġein Térah:


Agus do ṁair Térah seaċdṁoḋad blíaġan, agus do ġein Abram, Nahor, agus Háran.


Anois a síad so geinealuiġ Ṫérah: do ġein Térah Abram, Nahor, agus Háran; agus do ġein Háran Lot.


Agus do ċuáiḋ Lában á lomaḋ a ċáoraċ: agus do ġoid Ráċel na híoṁáiġe bá lé na haṫair.


Agus a nois máta naċ géuḃṫá gan imṫeaċd do ċionn go raiḃ fonn mór ort a ndiáiġ tiġe haṫar, ṫairis sin, créad fár ġoid tú mo ḋee?


Giḋ bé ar biṫ gá ḃfuiġe tú do ḋee, nar ab beó é: féuċ a laṫair air ndearḃráiṫreaċ má tá éinní agumsa dod ċuid, agus beir ċugad féin é: óir níor eidir Iacob gur ġoid Ráċel íad.


Déunaḋ Día Abraham, agus Día Nahor, Día a naiṫreaċ breiṫeaṁnus eadruinn: agus do ṁionnuiġ Iacob fá eagla a aṫar Isaac.


Agus tugadur do Iácob a raiḃ do ḋéeiḃ coiṁiġṫeaċa ann a láṁuiḃ, agus a raiḃ dfainniḃ-cluas na gcluasuiḃ; agus do ḟoluiġ Iácob íad faói an daruiġ noċ do ḃí laiṁ ré Seċem.


Féuċuiḋ air Abraham ḃur naṫair, agus ar Ṡarah do rug siḃ: óir do ġoir misi eision aṁáin, agus do ḃeannuiġ mé é, agus do ṁéaduiġ mé é.


Agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA re Hierusalem; Is do ṫír Ċanaan do ḃreiṫ agus do ḋúṫċus; do buḋ Amoríteaċ haṫair, agus Hitíteaċ do ṁaṫair.


Ṁic Iácob, ṁic Isaac, ṁic Abraham, ṁic Tará, ṁic Náċor,


Agus laiḃéora tusa agus déara tú a ḃfiaḋnuisi do ṪIĠEARNA Dé, Do ḃí maṫair na Ṡírianaċ réiḋ ċum dul a seaċad, agus do ċuáiḋ sé síos don Négipt, agus do rinne cuáirt ann sin le beagán muintire, agus ṫáinic annsin ċum ḃeiṫ na ċineaḋ ṁór, ċuṁaċdaċ, ḋaóineaċ:


Agus má ċítior ḋaóiḃ gurob olc serḃís do ḋéanaṁ don TIĠEARNA, toġaiḋ féin a niuġ cía haca dá ndéantaoi serḃís; an do na déeiḃ noċ daḋair ḃur naiṫré táoḃ ṫall don tuile nó do ḋéeiḃ na Namoriteaċ, a ndúiṫċe a ḃfuiltí: aċ ar mo ṡonsa agus ar son mo ṫiġe, foiġeonam don TIĠEARNA.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan