19 Agus a duḃairt Iosua rís an bpobal, Ní ḟéadṫaoi foġnaṁ don TIĠEARNA: óir is Día náoṁṫa é; is Día éudṁar é; ní ṁaiṫfiḋ sé ḃur ccionta no ḃur bpeácuiḋ ḋaóiḃ.
Aċt do rinneadar magaḋ fa ṫeaċtuiḃ Dé, agus do ṫarcuisniġeadar a ḃríaṫra, agus do easonóruiġeadar a ḟáiġe, nó gur éiriġ feárg an TIĠEARNA re na ṗobal, ionnus naċ raiḃ a ḃfóiriṫin ann.
Ní ċláonfa tú, ṫú féin síos dóiḃ, nimo seirḃís do ḋeanaṁ dóiḃ: oír misi an TIĠEARNA do Ḋía, is Día éadṁar mé, ṫig dféaċuim ṗeacuiḋ na naiṫreaḋ ar an gcloinn, gus an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún don druing ḟuaṫuiġeas mé;
Ag coiṁéad trocaire do ṁíltiḃ, ag maiṫeaṁ éigceart sáruiġṫe agus ṗeacaiḋ, agus naċ sáorfuiḋ ar eanċor na ciontuiġ; ag leanṁuin ċiontaḋ na naiṫreaċd ar an gcloinn, agus ar ċloinn na cloinne, go nuige an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún.
A nuáir ḃéid a ġéaga críon, brisfiġṫear amaċ íad: tiucfaid mná, agus cuirfid tré ṫeine íad: óir is daóine gau tuicsin ar biṫ íad: uimesin ní ḃí truáiġe ag an té do ċom íad dóiḃ, agus ní ṫaisbeanfa an té do ċrúṫaiġ íad faḃar ḋóiḃ.
Oir is marso a deir an Tiġearna DIA, Neaċ Náoṁṫa Israel; A niompoġ agus a suáiṁnios béiṫí tárṫúiġṫe; a cciúnas agus a ndóṫċus ḃías ḃur neart: agus níor ḃáill liḃ.
Ann sin a duḃairt Maóise re Háaron, Is é so an ní do laḃair an TIĠEARNA, gá ráḋ, Biáiḋ mé náoṁṫa annsa droing ṫig a ngar ḋaṁ, agus as coinne an ṗobail uile biáiḋ glóir ḋaṁ. Agus do ṫoċd Aáron.
Oír is mise an TIĠEARNA ḃur Ndía: ar an aḋḃarsin náoṁṫoċṫaoi siḃ siḃ féin, agus heiṫí naoṁṫa; óir atáimse naóṁṫá: ní mó ṫruaillfiḋe siḃ féin lé héantsórt neiṫeaḋ ngluáisteaċ noċ ġluáiseas ar an talaṁ.
Atá Día éudṁar, agus do ní an TIĠEARNA dioġaltas; atá an TIĠEARNA dioġaltaċ, agus fíoċṁar; dó ḋéanuiġ an TIĠEARNA dioġaltas ar a naiṁdiḃ, agus taisciḋ sé géarsmaċt dá easccáirdiḃ.
Is fíorġlaine do ṡúile na ċum uilc daṁarc, agus ní ḟéadann tú féuċuin air éicceart: cred fa ḃféuċann tú air an droing do ní go fealltaċ, agus ḃíos tú ad ṫoċd an tan ṡluigios an droċḋuine an duine is fíréunta ná é féin?
Ní héidir lé neaċ air biṫ seirḃis do ḋéunaṁ do ḋa ṫiġearna: óir bíaiḋ fúaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ don duine eile; nó ceangallfuiġ sé do neaċ aca, agus do ḃéuraiḋ sé tarcuisne ar an dara ḟear. Ní héidir liḃ seirḃis do ḋéunaṁ do Ḋía agus do ṁammon.
Agus do ċuir an TIĠEARNA amaċ roṁuinn na daóine uile, eaḋon na Hamorítiġ do áitreaḃ annsa dúiṫċe: uimesin mar an gcéadna foiġeonuimne don TIĠEARNA; óir isé ar Ndía é.