Nár léigiḋ Día go raċamaois a ttréatuireaċd a naġaíḋ an TIĠEARNA, agus go ḃfillfeamaois a niuġ ó leanṁuin an TIĠEARNA do ḋéanaṁ altóra dofráluiḃ loisge, dofráluiḃ bíḋ, nó dioḋbarṫaiḃ, táoḃ amuiġ daltoir ar TIĠEARNA Dé noċ atá a ḃfiaḋnuise a ṫabernacuil.
Agus má ċítior ḋaóiḃ gurob olc serḃís do ḋéanaṁ don TIĠEARNA, toġaiḋ féin a niuġ cía haca dá ndéantaoi serḃís; an do na déeiḃ noċ daḋair ḃur naiṫré táoḃ ṫall don tuile nó do ḋéeiḃ na Namoriteaċ, a ndúiṫċe a ḃfuiltí: aċ ar mo ṡonsa agus ar son mo ṫiġe, foiġeonam don TIĠEARNA.
Oír sé ar TIĠEARNA Día ṫug súas sinn, agus ar naiṫre as críċ na Hégipte, ó ṫiġ na daóirsi, agus noċ do rinne na coṁarṫuiḋe móra sin ann gaċ uile ṡliġe a ndeaċamar, agus a measc gaċ uile ṗobal tré ar ġaḃamar:
Os a ċionn sin ar mo ṡonsa, nár léigiḋ Día go ndéanuinn peacaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA an sgur do ġuiḋe ar ḃur son: aċd múinfiḋ mé ḋíḃ an tsliġe ṁaiṫ ḋíreaċ: