Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 24:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus do ċúaḋḃair tar Iordan, agus tangaḃair go Ieriċo: agus do ṫroideadar fir Ieriċo ḃur naġaiḋ na Hamorítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Canaanítiġ, agus na Hititiġ, agus na Girgasítíġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ; agus ṫug misi ann ḃur láṁuiḃ íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 24:11
25 Iomraidhean Croise  

Na Cinetiġ, agus na Cineisitiġ, agus na Cadmonitíġ.


Agus ṫug sé ḋóiḃ fearann na gcineaḋaċ: agus do ġaḃadar sáoṫar na ndaoine mar oiġreaċd;


Do ċonnairc an ṁuir sin, agus do ṫeiṫ: diompóiġ sruṫ Iordan, air a hais?


Cred ba ciontaċ leaċd, ó a ṁuir as ar ṫeiṫ tú? ṫusa a Iordan, as ar ḟill tú ar hais?


Agus teigéoṁuiḋ á nuair ḃéurus an TIĠEARNA siḃ go críċ na Gcanaaníteaċ, agus na Hititeaċ, agus na Namoriteaċ, agus na Hiḃíteaċ, agus na Iebusiteáċ, noċ do ṁionnuiġ sé dod aiṫriḃsi go ttiuḃraḋ ḋuit, fearann fa ṫuile ḃainne agus ṁeala, go gcoiṁéadfuiḋ tú an tserḃísi ann sa míse.


Oír raċuiḋ Maingeal roṁad, agus do ḃeura a steaċ ṫu ċum na Namoríteaċ, agus ċum na Hítiteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Gcananíteaċ, no Hiḃíteaċ, agus na Iebusiteaċ: agus gearrfa mé amaċ íad.


Agus cuirfe me céarnaḃáin roṁad, noċ ḋíbeorus amaċ an Hiḃíteaċ, an Canaaníteaċ, agus an Hitíteaċ, as do laṫair.


Agus cuirfe mé do ṫóranna ón Muir ruáiḋ go nuige fairge na Ḃṗilistineaċ, agus ón díoṫraṁ gus a naḃuinn; óir seaċóduiġ mé áitreaḃuiġ na dúṫaiġ ann ḃur láiṁ: agus díbeóra tú amaċ roṁad íad.


Agus a duḃairt mé, Béura mé súas siḃ as buaiḋreaḋ na Hégipte, go fearann na Gcanaaniteaċ, agus na Hitíteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisiteaċ, agus na Niḃíteaċ, agus na Iebusíteaċ; go tír do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala.


Agus ṫáinic mé a nuas dá sáoraḋ as láṁuiḃ na Négiptaċ, agus dá mbreiṫ súas as an tír sin, go fearann maiṫ fairsing, go fearann do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala; go háit na Ccanaaniteaċ, agus na Hititeaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Hiḃiteaċ.


Agus cuirfe me aingeal róṁad; agus díbeóra mé amaċ an Cananíteaċ, an Tamoríteaċ, an Hitíteaċ, an Perisíteaċ, an Hiḃíteaċ, agus an Iebusíteaċ:


Agus ar sgrios dó na seaċd gcineaḋaċ a dtír Ċánaan, do roinn sé ré crannċar a ḃfearann dóiḃ.


Noċ do ġlacadar ar naiṫrene agus tugadar leó maille ré Híosa go seilḃ na Gcíneaḋaċ, noċ do ṫeilg Día amaċ as aṁarc ar naiṫreaċ, go laéṫiḃ Ḋáiḃi:


Anuair do ḃéura an TIĠEARNA do Ḋía ṫú don tír a ḃfuil tú ag dul dá ṡealḃuġaḋ, agus ar tteilgean amaċ ṁóráin cineaḋaċ roṁad, na Hititiġ, agus na Girgasitiġ, agus na Hamorítiġ, agus na Cananítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ, seaċd gcíneaḋaċa ba ṁó ná siḃse agus ba cuṁaċduiġ;


Agus a duḃairt Iosua, Is leis so aiṫeantáoi go ḃfuil an Día beó ḃur measc, agus go tteilgfe sé amaċ gan ḟailliġe na Cananítiġ, agus na Hititiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Perisitiġ, agus na Girgasitiġ, agus na Hamorítiġ, agus na Iebusítiġ.


Agus tárla, a nuáir do ċuáiḋ an pobal uile go hiomlán tar Iordan, gur laḃair an TIĠEARNA re Iosua, ḋa raḋ,


¶ Agus tangadar an pobal súas as Iordan an deaċṁaḋ lá don ċédṁí, agus do rinneadar foslungṗort ann Gilgal, ansa nimeal ṡoir do Ieriċo.


Oír do ṫiormuiġ ḃur TTIĠEARNA Día uisgiḋe Iordan roṁuiḃsi, nó go ndeaċaḃair ṫairis, aṁuil do rinne ḃur TTIĠEARNA Día ris an muir Rúaiḋ noċ do ṫiormuiḋ sé roṁuinn, no go ndeaċamar ṫairis:


Gur ċruinniġeadar íad féin uile a gcionn a ċéile, do ṫroid re Iosua agus ré Hisrael, déan toil aṁáin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan