Agus do rinne se go ro aḋḟuaṫṁar a leanṁuin ioḋal, do reir gaċ uile neíṫe dá ndéarnadar na Hamoritiġ, noċ do ṫeilg an TIĠEARNA amaċ roiṁe ċloinn Israel.
Oír raċuiḋ Maingeal roṁad, agus do ḃeura a steaċ ṫu ċum na Namoríteaċ, agus ċum na Hítiteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Gcananíteaċ, no Hiḃíteaċ, agus na Iebusiteaċ: agus gearrfa mé amaċ íad.
¶ Ní ḟéadfuiḋ éanduine seasaṁ ad aġuiḋ ar feaḋ láeṫe do ḃeaṫa: mar do ḃí mé lé Maóise, is mar sin ḃías mé leaċdsa: ní ḟailleoċa mé ort, ní mó ṫréigfios mé ṫú.
¶ Agus díbeoruiḋ ḃur TTIĠEARNA Día roṁuiḃ íad, agus ṫiomáinfiḋ se as ḃur raḋarc íad; agus sealḃoċṫaoise an dúiṫċe mar do ġeall ḃur TTIĠEARNA Día ḋaóiḃ.
Agus do ċuir an TIĠEARNA amaċ roṁuinn na daóine uile, eaḋon na Hamorítiġ do áitreaḃ annsa dúiṫċe: uimesin mar an gcéadna foiġeonuimne don TIĠEARNA; óir isé ar Ndía é.