6 Bíṫise ar a naḋḃarsin ro ċúrata do ċoiṁéad agus do ḋéanaṁ a nuile ní atá scríoḃṫa a leaḃar ḋliġe Ṁaoise, go naċ ḃfillfiḋe a leaṫṫaoiḃ uaḋ sin don láiṁ ḋeis no don láiṁ ċlé.
Agus coiṁéad cúram do ṪIĠEARNA Dé, ag siuḃal iona ṡliġṫiḃ, ag coiṁéad a statúideaḋ, agus a aiṫeanta, agus a ḃreiṫeaṁnasa, agus a ḟiaġnuiseaḋ, mar atá scrioḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise, ċor go mbeiriġ tú buáiḋ ann sa nuile ní dá déana tú, agus ann gaċ uile ṫáoḃ a niompoċuíḋ tú ṫú féin:
Agus cláonuid síad a tteanga aṁuil a mbóġa ċum bréag: aċt ní ḃfuílid síad cróḋa ar son na fírinne ar an talaṁ; óir tíaġaid ar a naġaiḋ ó ólc go holc, agus ní feas dóiḃ misi, a deir an TIĠEARNA.
Ionnus naċ ttóigfiḋ a ċroiḋe súas ós cionn a ḋearḃráiṫreaċ, agus naċ ḃfillfea sé a leaṫṫaoiḃ ón naiṫne, ar a láiṁ ḋeis, nó ar a láiṁ ċlé: ar ċor go bfaideoċa sé a láeṫe iona rioġaċd, é féin, agus a ċlann, a lár Israel.
Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.