5 ¶ Agus díbeoruiḋ ḃur TTIĠEARNA Día roṁuiḃ íad, agus ṫiomáinfiḋ se as ḃur raḋarc íad; agus sealḃoċṫaoise an dúiṫċe mar do ġeall ḃur TTIĠEARNA Día ḋaóiḃ.
Coíṁedsa an ní áiṫeonus mé ḋiot annsa ló niuġ: féuċ, tiomaínfe mé a maċ roṁad an Tamoríteaċ, agus an Cananíteaċ, an Hitíteaċ, agus an Perisíteaċ, agus an Hiḃiteaċ, agus an Iebusíteaċ.
Dúṫċusuiġ ṫíre na ccnoc uíle ó Lebanon go Misrepot‐maim, agus na Sidónianuiġ uile, cuirfe mé íad sin amaċ roiṁe ċloinn Israel: aṁaim roinnsi le crannċar é do Israel mar oiġreaċd, mar do aiṫin misi ḋíot.