Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 23:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 A nuáir ṡáireoċṫaoi cunraḋ ḃur TTIĠEARNA Dé, noċ do aiṫin sé ḋíḃ, agus imṫeoċuiġe, agus aḋarfuiġe dée eile, agus uiṁleoċuiġe siḃ féin dóiḃ; annsin lasfuiġear fearg an TIĠEARNA riḃ, agus scriosfuiġear siḃ go hobann as an ḃfearann maiṫ, noċ ṫug sé ḋiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 23:16
16 Iomraidhean Croise  

Oir buailfiḋ an TIĠEARNA Israel, mar an ngioleaċ ḃíos air criṫ san nuisge, agus beanfuiḋ sé Israel as a ḟreaṁaċ amaċ as an dúiṫċe ṁaiṫse, noċ ṫug sé dá naiṫriḃ, agus scaóllfiḋ sé ó ċéile íad táoḃ anonn don naḃuinn, do ċionn go ndéarnadar a ngarráin, do ḃrostuġaḋ an TIĠEARNA ċum feirge.


Aċt má ḟilltiġesi ar éan ċor ó misi leanṁuin, siḃ féin nó ḃur cclann, agus naċ ċoiṁéudfuiḋe maiṫeanta agus mo statúidiġ noċ do ċuir mé ann ḃur ḃfiaġnuise, aċd imṫeaċd agus dée oile daḋraḋ, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋóiḃ:


Annsin géarrfa misi Israel amaċ as a ndúiṫċe noċ ṫug me ḋóiḃ; agus an tiġ so, do náoṁuiġ mé dom ainm, teilgfe mé as mo raḋarc é; agus biaiḋ Israel na ṡeanḟocal agus na ḟocal magaiḋ a measg a nuile ṗobal:


Oír is aṁluiḋ ḃí, gur ṗeacuiġeadar clann Israel a naġaiḋ a TTIĠEARNA Día, noċ ṫug a níos íad as críċ na Hégipte, ó ḃeiṫ fáoi láiṁ Ṗárao ríġ na Hégipte, agus go raiḃ eagla deé oile orra,


Oír is tré ḟeirg an TIĠEARNA ṫáinic sin a ccríċ air Ierusalem agus air Iúdah, nó gur ṫeilg sé amaċ as a raḋarc íad, go ndeaċuiḋ Sedeciah a ccogaḋ a naġuiḋ ríġ na Babíloine.


Do truáilleaḋ an talaṁ mar an ccéadna faói na ḋúṫċusaiḃ; do ċionn gur ṡáruiġeadar an dliġeaḋ, gur áṫruiġeadar an torduġ, ḃriseadar an cunnraḋ siorruiḋ.


Agus ṫangadar ann, agus do ṡealḃuiġeadar é; aċd níor úṁluiġeadar dot ġúṫsa, ní mó do ṡiuḃluiġeadar ann do ḋliġeaḋ; ní ḋéarnadar aoinní do nuile ni dar aiṫin tú ḋíoḃ do ḋéanaṁ: uimesin ṫug tú fa deara an tolcsa uile do ṫeaċt orra:


Féuċ ṫangadar na mótuiḋ, ċum na caiṫreaċ dá gaḃáil; agus tugaḋ an ċaṫair a láiṁ na Ccaldeánaċ, noċ ṫroideas na haġaiḋ, do ḃríġ an ċloiḋiṁ, agus na gorta, agus na pláġa: agus an ní a dúḃairt tú ṫáinic sé a gcriċ; agus, féuċ, do ċiḋ tú é.


Tuilleaṁ oile, tiucfuiḋ a gcríċ go ndéana misi riḃsi, mar do smuáin mé do ḋeanaṁ riúsan.


Agus go neaċaiḋ agus gur ḟreastaluiġ dée eile, agus gur aḋraiḋ íad, an ġrían, no an ġealaċ, no éinni do ṡlúaġ niṁe, naċ ar aiṫin misi;


¶ Aċ tiucfa a ccríċ, muna nuṁluiġe tú do ġlór do ṪIĠEARNA Dé, do ċóiṁéad a aiṫneaḋ uile do ċoiṁlíonaḋ agus a reaċda uile noċ aiṫniġimsi ḋíot a niuġ; go ttiucfuid na mallaċdasa uile ort, agus go mbéaruid ort:


(Oír an TIĠEARNA do Ḋía is Día éadṁar ḃur measg é) deagla go lasfaḋ fearg an TIĠEARNA do Ḋía ad aġuiḋ, agus go scriosfaḋ ṫú ó ḋruim na talṁan.


¶ Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel, agus do ṡeaċaid sé íad a láṁuiḃ creaċadóireaḋ noċ do ċreaċ íad, agus do reac sé íad a láṁuiḃ a náṁad gaċa táoḃ ḋíoḃ, iondus nar ḟéidir leó seasaḋ ní buḋ faide a laṫair a náṁad.


¶ Agus do ḃí fearg an TIĠEARNA teiṫ a naġaiḋ Israel; agus a duḃairt sé, Do ċionn gur ṡáruiġeadar an ṁuínntirse mo ċunnraḋ noċ do aiṫin mé dá naiṫriḃ, agus nár éisdeadar rein ġlór;


Aċt má neiṫí droiċġníoṁa do ġnáṫ, scriosfuiġear aráon, siḃ féin agus ḃur ríġ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan