Aċd taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, deagla go mbíaḋ siḃ tromċroiḋ ṫeaċ úair ar biṫ í ċráos, agus ó ṁeisge, agus ó roċúramuiḃ na beaṫasa, agus go dtioċfaḋ an lá úd go hobann oraiḃ.
An tan do aiṫin mé ḋíot a niuġ do TIĠEARNA Día do ġráḋuġaḋ, agus siuḃal iona ṡliġṫiḃ, agus a aiṫeanta do ċoiṁlíonaḋ agus a reaċda agus a ḃreiṫeaṁnuis, ċum go mbeiṫfeá béo agus go ḃfoirlíonfa: agus beannoċuiḋ do ṪIĠEARNA Día ṫú an sa dúiṫċe a ḃfuil tú ag dul dá ṡealḃuġaḋ.
Ionnus go ngráiḋeoċuiḋ tú do ṪIĠEARNA Día, agus go nuiṁleoċa tú dá ġuṫ, agus go ndruidfe tú ris: óir is é sin do ḃeaṫa, agus faduġaḋ do láeṫeaḋ: ċor go ccoiṁneoċa tú ansa dúiṫċe noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, do Abraham, Dísaac, agus do Iácob, do ṫaḃairt dóiḃ.
Aṁáin taḃair aire ḋuit féin, agus coiṁéud ṫanam go dúṫraċdaċ, deagla go ndearmadfá na neiṫe do ċonnairc do ṡúile, agus deagla go scairfaidís ré do ċroiḋe uile laéṫeaḋ do ḃeaṫá: aċd múin dod ṁacuiḃ íad, agus do ṁacuiḃ do ṁac;
Taḃruiḋ aire riḃ fá gan áoinneaċ aguiḃ do ċláonaḋ ó ġrás Dé; fá gan fréuṁ ṡearḃuis ar biṫ do ḟás súas dá ḃur mbuáiḋreaḋ, trés a ndéuntaói morán neaṁġlan;
Aċ tugaiḋ aire ġéar do ċoiṁlíonaḋ na naiṫneaḋ agus an dliġe, noċ do ċuir Maóise óglaċ an TIĠEARNA do ċúram oruiḃ, gráḋ do ṫaḃairt dá ḃur TTIĠEARNA Día, agus siúḃal iona ṡliġṫiḃ uile, agus a aiṫeanta do ċoiṁlíonaḋ, agus táoḃaiḋ ris, agus foġnaṁ ḋó le ḃur nuile ċroiḋe agus lé ḃur nuile anam.
¶ Nó má ṫéiġṫi air éanċor air gcúl, agus má ġreamuiġṫí dfuiġioll na ccineaḋaċsan, noċ ṁáirios ḃur measc, agus go ndéantaói cleaṁnus ríu, agus go raċṫaoi a steaċ ċuca, agus íadsan ċugaiḃsi: